Tá Seachtain na Gaeilge críochnaithe anois, agus is mór an obair a rinne DCU agus an Cumann Gaelach chun béim a chur ar an seachtain thábhachtach seo. Idir céilí mór, tráth na gceist Father Ted, ciorcal cainte agus móran eile nach iad, bhí an t-ádh orainn go raibh an deis againne go léir feabhas a chur ar ár gcúpla focal féin.

Idir na rudaí seo atá thuasluaite, chuaigh cuid mhór de Ghaelgóirí ó Bhaile Átha Cliath agus ó áiteanna eile timpeall na tíre go dtí Club Sult i Vicar Street le haghaidh craic a bhaint amach ar an 13ú lá de Mhárta. Ba oíche den scoth é, le ceol traidisiúnta ón mbanna cheoil Prison Love agus ón gceoltóir mór le ra ó Chorcaigh, John Spillane. Ach ba é an gné is fearr den oíche seo ná leathuair coiméide ón Des Bishop.

Is dócha go bhfuil sé ar eolas ag formhór na ndaoine cheana féin gur chaith Des bliain amháin amuigh sa Ghaeltacht i gConamara. An aidhm a bhí aige? Chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a bheith líofa inti chomh luath agus is féidir é sin a dhéanamh. Bhí sé ag iarraidh seó a dhéanamh go huile is go hiomlán as Gaeilge ag deireadh na sráithe.

Bíonn an clár ar siúl gach Deardaoin agus léirionn sé Des ag foghlaim Gaeilge ar scoil, ag imirt peil Ghaelach, i gcruachás faoi ghramadach, ag iascaireacht agus ag rince ag céilithe. Is é a aidhm fhadtearmach ná traidisiún na Seanchaí a spreagadh arís.

Nochtann Des- fear a bhí ina chónaí i Nua-Eabhrac go dti an am is a bhí sé ina dheagóir- go bhfuil an chumhacht ag gach duine úsáid a bhaint amach as an nGaeilge má bhfuil siad ag iarraidh.

Le níos mó eolais a fháil ar Des agus a chuid gníomhaíochtaí, féach ar a shuíomh idirlín www.desbishop.com. Is féidir le daoine cúrsa Gaeilge a dhéanamh ar an suíomh seo – cúrsa gearr, ach mar a deir Des, tá se dochreidte an méid gur féidir linn a chuimhniú ó thaobh Gaeilge de, cé go gceapann daoine áirithe nach bhfuil siad in ann a labhairt asti ar chor ar bith. Bhuel, is feidir leat anois le cabhair ó Des!

I nuacht Ghaeilge eile, sheol Fiontar (an scoil Ghaeilge anseo i DCU) an suíomh idirlín www.logainm.ie an tseachtain seo. Is féidir le daoine a n-áit dúchais a cló-scríobh isteach sa suíomh agus an aistriúchán Ghaeilge a fháil ar ais. Tréimhse spreagúil, gan amhras!

In the name of the Fada

By Le Audrey Ní Dhonnacha

Thursday April 10 2008

Search

Monthly Archives

Staff Contacts

Stan Dunne (Editor)
Juliana Dolan (Managing Editor)
Michael McHale (News Editor)
Dawn Wheatley (Arts Editor)
Julie-Anne Sheridan (Sports Editor)
Brian Cavanagh (Technology Editor)
Grainne Kelly (Health Editor)
Louise Bruton (Features Editor)
Laura Hogan (Comment Editor: 086-1696696)
Samuel Hamilton (Online Editor)
David Kearns (Layout Grinch)
Thanks go to Cian Ginty, Tara Walsh and others for all images. Full photo credits are in the printed paper.