DCU - the winner of TEN Student Media Awards - more than ANY other college!
And the College View: home of Journalist, Arts Writer, News Features Writer, Sports Writer, and Magazine of the Year
Home | News | Sport | Arts & Culture | Reviews | News Features | Health | Comment | Irish | CVTV | CV Archive
 

Iompar ag tiomáint muid suas an bhalla

College View
Is iomai an fhadhb iompair in Eirinn faoi lathair, go hairithe maidir le cursai na mboithre Photo: Mark Menzies

Bíonn na hÉireannaigh, mar chine, de shíor ag caint faoi na bóithre.

Idir thrácht, an méid daoine a maraítear orthu, díospóireacht faoi reachtaíocht nó daoine ag gearán faoi phoill orthu, tá an cuma ar an scéal nach mbímíd sásta go deo. Agus le coicís anuas, tá cúrsaí nuachta ag cinntiú go mbeidh cúrsaí taistil i mbéal an phobail ar feadh tamaill eile ar a laghad.

Ar dtús chruthaigh barúil Jackie Healy-Rae conspóid nuair a dúirt sé nach bhfuil nasc ar bith idir alcól agus an méid daoine a fhaigheann bás ar na bóithre. Chomh maith leis sin chuir sé fáilte roimh an mhoill de bhliain go leith chun an leibhéal alcóil ceadaithe do thiománaithe a laghdú. Ar ndoigh is tabharnóir é an polaiteoir ildánach seo.

Tagann a ráiteas siúd i ndiaidh do TD ó Fhianna Fáil barúil éirimiúil eile a nochtadh. Mhaígh Mattie McGrath gur féidir le deoch amháin suaimhneas a chur ar thiománaithe neirbhíseacha. Agus iadsan an dream atá i gceannas na tíre seo?

Faoin am seo, táimid go léir bréan den lána buis i lár na cathrach. Droch-chinneadh ón gComhairle, tubaiste atá fós ag tabhairt ceannlínte dúinn agus ag líonadh leathanacha nuachtáin timpeall na tíre.

Leis an nuacht is déanaí ag tabhairt le fios go mbeidh an geata dúnta ar feadh tréimhse na Nollag, is dócha gur fadhb í a fhillfidh sa bhliain nua, nuair a osclaíonn an díospóireacht arís.

Leis an dráma seo, cheapfá go bhfuil dream amháin, ar a laghad, sábháilte sa chúlú eacnamaíochta – úinéirí stáisiúin breosla peitril agus díosail. Tá gá ag gach tiománaí breosla a cheannach, ar ndóigh – ach is léir anois nach bhfuil gach duine ag iarraidh íoc as.

De reir tuairisce, tháinig méadú de 300% i mbliana ar an méid daoine a thiomáineann as stáisiúin breosla gan íoc as a mbreosla. Ach mar is de gnáth, is é an tomhaltóir atá ag fulaingt sa chruachás thuasluaite - ach chun an fhirínne a insint, is orainn féin atá an locht.

De réir tuairisce eile le déanaí, tá níos mó ná €12m báilithe ag an Údarás um Bóithre Náisiúnta i mbliana ó thiománaithe a dhéanann dearmad an dola M50 a íoc. Sin beagnach €40,000 gach lá – figiúr súntasach gan amhras.

Níl éinne ag rá go bhfuil an córas dola ag feidhmiú go foirfe áfach. Dar le foinsí áirithe cuireadh fianáil san éagóir ar ós cionn 200 tiománaí gach lá mar nár íoc siad as an dola níos luaithe sa bhliain. Cuireadh meallán na mbotúin seo ar dheacrachtaí le clar-uimhreacha shalacha nó drochaimsir, nuair nach mbíonn an ceamara in ann an uimhirphláta a léamh i gceart. Bhí seisear os comhair na cúirte cheana féin le déanaí maidir leis an fhadhb seo - is gnó costasach é le gach duine atá bainteach leis an scéal.

Cúpla lá ó shin, chuala mé rud greannmhar a chuir gáire orm. D’inis cailín i’m rang dom gur imigh sise agus a cairde go Londain ar feadh lae amháin ag siopadóireacht. Cén fáth? “Bhí an ticéad eitleáin go Sasana níos saoire ná ticéad buis go Béal Feirste,” a dúirt sí. Tá an ceart aici.

Agus le gach rud thuasluaite, cé a chuirfeadh milleán uirthi?