Caidé an Scéal? … Le Storyfold

Ar chúl stáitse, i measc trealaimh agus uirlisí buailim le Paddy Mc Kenna agus Michael Fortune ón bhanna ceoil Storyfold.

Bunaithe sa bhliain 2009 ag Paddy i mBaile Átha Cliath (cé gur ó Liatroim ó dhúchas é), tá rath mórthaibhseach tagtha faoin bhanna ó shin. D’eisigh an banna EP úr s’acu The Underpass an mhí seo. Seo an chéad saothar ceoil uathu óna albam Rocket Science sa bhliain 2011. Tá albam taifeadta ag an bhanna ach mar a deir Paddy, ba mhaith leo an ceol úr a thástáil leis an EP úr seo ar dtús. Cuireann sé síos ar cheithre amhrán The Underpass; The Underpass, Michael, Beech Row agus True Love Never Lies mar “ionadaíocht mhaith de mhóid an albaim”.

Leis an chuma ar an scéal go mbeidh albam iomlán leo ag teacht amach i dtreo deiridh na bliana, ba phroiséas dearfach é táirgeadh an saothar i súile Paddy. Chaith siad beagnach bliain go leath air, lena gcuid amhráin ar fad scríofa ag Storyfold iad féin. Is ráiteas é sin de dhílseacht an chúigear don albam. Cé go dtiocfadh le hamhrán úr tosaigh le rif giotáir ó Michael Fortune nó liric le Paddy Mc Kenna, bheadh obair ollmhór curtha isteach ag an bhanna iomlán ansin. Fuascailt na faidhbe d’easpa ama baill an bhanna nó na bunsmaointí seo a fhorbairt le chéile mar aonad, iad a thaifeadadh agus forbairt déanta go haonarach orthu i rith na seachtaine roimh an chéad seisiún eile an tseachtain dár gcionn.

Aontaíonn an bheirt liom go bhfuil athrú tagtha ar fhuaim an bhanna. Míníonn Michael nach raibh sé sa bhanna ach ar feadh ocht seachtaine nó mar sin roimh eisiúint Rocket Science sa bhliain 2011. Tá sé de thuairim ag Paddy mar sin nach raibh forbairt iomlán déanta acu ar línte giotáir na hamhráin. Ar an EP seo áfach, “Tá i bhfad níos mó, tuilleadh faobhair.” Tá na bun-gnéithe ann go fóill ar ndóigh. “Liricí maithe, séiseanna maithe láidre, crúcaí; sin a bhí muid ag iarraidh.”

Nuair a chuir mé ceist faoina gcuid pleananna don chéad chúpla mí eile, do phromóisean agus réamhtheachtas an albaim, dúirt Michael Fortune go mbeidh neart ceolchoirmeacha ar siúl acu ach go raibh na hamhráin úra a seinm acu le sé nó seacht mí cheana. “Is ealaíontóir tú agus tú i mbun albam a chumadh agus is siamsóir tú agus tú ag cur seónna ar siúl” a deir sé.

Cinnte go bhfuil Storyfold ina siamsóirí. Seó den scoth a bhí ann an oíche sin i Leitir Ceanainn. “Is cuma liom más ar a gcosa a bhí an slua le deich n-uaire anuas nuair a théann muid féin ar an stáitse. Tá fios maith agam go bhfuil na hamhráin chuí againn chun iad a chur na bhaile agus meangaidh móra ar a n-aghaidh” a insíonn Paddy Mc Kenna dom.

Sin fealsúnacht an bhanna; go mbeidh am den chéad scoth ag an slua ag ceolchoirmeacha an bhanna. Tá an pobal ag teacht chucu oíche Aoine nó oíche Shathairn tar éis seachtain fhada oibre nó scoile agus tá sé mar fhreagracht ag an bhanna cinntiú go mbaineann siad taitneamh as an am sin caite amach as baile. Ag deireadh an lae, scarfaidh daoine deá-scéal fúthu más rath é an cheolchoirm. Mar a deir Paddy, “Ní Rocket Science é!”
Caoimhe Ní Chathail

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.




* Copy This Password *

* Type Or Paste Password Here *