Liopair, Culaith agus Capaill

John Picken

 

Cosúil le mórlach na ndaltaí in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) nach de dhúchas na háite dóibh, tagaim chun na cathrach gach Domhnach. Tógaim mo mhála lán le héadaí liom, á tharraingt aníos Sráid Uí Chonaill agus ag bordáil an 13 go Baile Munna. An tseachtain seo, bhí meáchan breise á iompar agam: Mo chulaith.

Chuala mé go raibh slua mór ag freastal ar Rásaí Bhaile na Lobhar (Leopardstown)agus gur gnáth an rud é culaith a caitheamh chucu. Ní raibh mé ag na rásaí riamh agus ní raibh mé cinnte cad a bhí bainteach leis an lá scolaire seo ach caithim mo chulaith, aon leithscéal a fhaighim.

Bhí mé ag tnúth go mór leo go dtí gur an nuacht mé, nach raibh ticéad fágtha. Dá bharr, bhí mé i measc an mhionlaigh ag súil timpill OCBÁC i gculaith reatha agus gach éinne eile ina n-éadaí galánta deasa. Ní hinseoidh mé bréag dhaoibh; Bhí meangadh gáire orm nuair a chonaic mé gur thosaigh sé ag stealladh báistí.

Ní raibh mo chulaith croctha agam go foil, áfach, agus bheartaigh mé féin agus fear eile nach raibh ticéad aige chomh maith freastal ar an gcéiliúradh sa chathair. Chuir mé mo chulaith ghalánta orm, bróga agus carbhat agus shiúil mé ó Gateway (áit a bhfuil cónaí orm) chuig OCBÁC chun bualadh le mo chomhlach agus an 13 a fháil chun na cathrach. Shroich mé stad an bhus nuair a fuair mé glaoch uaidh, é ag insint dom nach raibh sé ag dul amach ar chor ar bith toisc nach raibh uisce te fágtha aige cith a thógáil. Tipiciúil. Ní rachainn amach liom féin riamh.

Shiúil mé timpeall an champais ar feadh 10 noiméad agus ansin ar ais go Gateway liom. Bhí dream buachaillí ann ag ligean a scíthe i ndiaidh na rásaí. Ní raibh culaith á caitheamh ag duine díobh, cé go raibh cuid díobh ann.

Ag siúl isteach an dorais thosaigh gach duine ag briseadh a dtóin ag gáire ar feiceáil na culaithe dóibh nuair a chuala siad nach ndeachaigh mé go Baile na Lobhar. “Cén fáth a bhfuil culaith á caitheamh agat?” a thosaigh siad ag magadh liom. “Cén fáth nach mbeinn?” a d’fhreagair mé.Tháinig críoch leis an ngáire. Ní fhéadfaidís argóint le sin.

D’inis siad liom scéalta as Baile na Lobhar. Ní raibh liopar ar bith ann, ar dtús, ní raibh ann ach chapaill. Ansin dúradh liom go raibh na chapaill go léir ag rith timpill cé nach raibh liopar á leanúint. Chaill daoine an t-uafás airgid ag iarraidh buaiteoir an rása a thuar agus bhí gach duine ar meisce don lá. Dúirt iriseoir ar Twitter go raibh dalta éigin ag stealladh fuail ar fhuinneog a bhosca (dalta as coláiste eile gan dabht!).

É seo go léir cloiste agam, ní raibh tuairim chinnte samhlaithe agam go fóill. B’fhéidir gur maith an rud é nach raibh mé ann agus gur chaith mé mo chulaith sa bhaile, ag ithe “Uncle Bens” agus ag pleidhchíocht ar “Yik Yak”. Beidh mé ann an bhliain seo chugainn gan dabht chun m’aigne féin a dhéanamh suas.

 

Cormac Sheehy

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.




* Copy This Password *

* Type Or Paste Password Here *