Dúshlán na Foghlaimeora

Kenneth Allen

Pléann Megan Roantree a dúshlán agus í ag iarraidh snas a chur ar a cuid Gaeilge ina háit dhúchas; Oileán Árainn.

Cuimhním go soiléir ag 4 bliain d’aois ag siúl chun an mhúinteora os comhair an ranga agus ag rá “I do not have good Irish, so could you explain things in English too?”

Rugadh sa Ghaeltacht mé, ach ní raibh mé i mo Ghaeilgeoir go dtí gur thosaigh mé ar an mbunscoil. Ba Shasanach é m’athair agus is as Baile Átha Cliath do mo mháthair, iad ag bogadh go hOileán Árainn i 1994. Nuair a thosaigh siad ag obair agus ag maireachtáil in Arainn ar dtús bhí daoine cairdiúil ann, ach i mbealach amháin ní raibh aon duine sásta an Ghaeilge a labhairt leo.

Bhí m’athair féin líofa sa bhFraincis, chomh maith leis an Spáinnis, Iodáilis, Arabach, bhí beagán Seapainise agus neart eile aige, ach sa 16 bliain ina raibh sé ag maireachtail ar an oileán ní raibh sé in ann an teanga Ghaelach a fhoghlaim. Cinnte is teanga dheacair í an Ghaeilge, ach an fhadhb is mó a bhí ann ná an easpa tacaíochta a fuair sé ó chuid is mó de dhúchasach na háite.

Áfach, rugadh mé ar an oileán agus cinnte gur cheap daoine gur cineál strainseirí iad mo thuismitheoirí ar dtús, ach bhí sé difriúil domsa. Níor labhair mé fein nó mo dheartháir focal ar bith go dtí gur thosaíomar ag dul go tithe daoine eile. Bhí neart Gaeilge ag na comharsan béal dorais a bhí againn agus bhí siad breá sasta í a labhairt liomsa, dá bhrí sin phioc mé suas ar bheagáinín di.

Nuair a thosaigh mé ag an scoil naisiunta, fiú amhain ag aois óg, ní raibh an mhuinín agam an teanga a labhairt os comhair múinteoirí no páistí eile. Cuimhním go soiléir ag 14 bliain d’aois ag siúl chun an mhúinteora os comhair an ranga agus ag rá “I don’t have good Irish, so could you explain things in English too?” Is é sin ceann de mo chumhneacháin is óige agus tá sé suimiúil, go raibh a fhios agam ag an aois sin nach raibh Gaeilge sách maith agam.

Cheap mé ag fás suas go raibh an teanga eisiach agus nach raibh fáilte roimh éinne gan an teanga í a fhoghlaim, agus bfhéidir go raibh sé mar sin 15 nó 20 bliain ó shin. Ach measaim anois go bhfuil sé ag athrú i mbealach maith.

Nuair a bhog mé go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin bhí iontas orm an méid spéise a bhí ag daoine an teanga a fhoghlaim, a úsáid agus a labhairt. Anois nuair atá mé ag labhairt na Gaeilge bíonn daoine ag tabhairt molta dom agus bionn neart tacaiochta ann.

Freisin, le déanaí tá náisiúntachtaí eile i ndiaidh teacht chun cónaithe sa tír seo, fiú amháin sa Ghaeltacht. Tá deis ag daoine nua ag teacht isteach nach raibh ann cheana agus mar sin feicimid paistí beaga trítheangacha ag rith timpill.

Tá an teanga anois úsáidthe ar na méain sóisialta. Tá seachtain na Gaeilge againn. Tá cumainn agus clubanna ann agus tá fáilte mhór roimh dhaoine gan Ghaeilge í a fhoghlaim.

Nuair a bhog mo thuismitheoirí chun na gaeltachta sna nóchaidí b’fhéidir gur cheap daoine go raibh sé níos éasca labhairt as Béarla agus go raibh an iomarca iarrachta agus foighne ag teastáil le Gaeilge a labhairt le duine nach raibh liofa, ach is cosuil go bhfeiceann daoine anois go bhfuil iarracht ag teastáil agus is fiu é chun an teanga a choimeád ar snámh.

Má‘s mian linn comhrá a bheith againn as gaeilge caithfimid glacadh leis go bhfuil iarracht agus tacaiocht ag teastail ón bhfoghlaimeoir. Tuigeann daoine seo anois ach is gá go dtuigfeadh gach éinne.

 

Megan Roantree

Be the first to comment

Leave a Reply

Your email address will not be published.




* Copy This Password *

* Type Or Paste Password Here *