Dráma faisnéise Éireannach ag ceiliúradh ré na coirscéalta fírinneacha

Clíona Hughes

Tá clár faisnéise nua cuartha amach ag TG4 darbh ainm Murdair Mhám Trasna agus tá sé ag cruthú storim sa mheáin.

Tá an clár seo dátheangach agus mar sin, tá an clár seo oiriúnach do gach duine. Tá dúrúin dúnmharaithe mar choincheap scéalaíochta chomh mór le rá sin na laethanta seo, is deas an rud é go bhfuil ceann ar fáil i nGaeilge faoi fíorscéal Éireannach. Tá an clár bunaithe ar an úrscéal sárdhíola, ‘Éagóir’ le coimisinéir teanga agus iriseoir clúiteach Seán Ó Cuirreáin le Colm Bairéad mar stiúrthóir an chláir.

Tá an clár fada go leor, maireann sé dhá uair a chloig ach tá sé mealltach agus tairbheach. Míníonn an dráma scéal chlann Seoighe (clann Joyce) a bhí dúnmharaithe ina dteach féin i Mám Trasna a bhí suite ar imeallchríoch idir Contae na Gaillimhe agus contae Mhaigh Eó sa bhliain 1882. Mharaigh cúigear a bhí sa chlann go brúidiúil, le páistí óga agus seanbhean ina measc. Níor tháinig ach bheirt slán ón gcoir barbarach seo, Patsy, a bhí gortaithe agus Mairtín, a bhí imithe ag obair an oíche sin.

Leanann an clár seo an scéal suimiúil sin agus taispeánann sé na heachtraí uafásacha a tharla. Bhí ochtar fear ciontaithe leis an gcoir agus chuireadh pianbhreith orthu crochadh ach tháinig sé amach níos déanaí go raibh an fhianaise mar mhionn éithigh. Bhí triúir fhear ainmnithe sa mheáin as ucht an dúnmharú seo a phleanáil agus a dhéanamh ach níor chúisigh siad riamh. Ceaptar gur tharla an eachtra saobhadh seo mar gheall ar easaontas maidir le gadaíocht caora agus talamh ach ní fios ag aon duine go cinnte.

Tá téama na Gaeilge fite fuaite sa dráma faisnéise seo toisc go raibh an triail déanta i mBéarla agus suite i mBaile Átha Cliath cé go raibh Gaeilge ó dhúchas ag na daoine a bhí mar chúisithe agus níor thuig siad Béarla nó aon rud a bhí ag tarlú sa chúirt. Trua a bhí ann chomh maith toisc nach raibh tuiscint dá laghad ag an ngiúiré faoi Mhám Trasna, rud a thaispeánaítear sa dráma faisnéise seo. Bhí an chuid seo den dráma an-dubhach go deo.

Déantar mionanailís ar na heachtraí sa chlár agus feictear tuairimí na saineolaithe staire agus taighdeoirí chomh maith le tuairim an t-Uachtarán muirneach, Mícheál D. Ó hUiginn. Ardaíonn an clár seo téama maidir le cearta teanga, rud atá go mór i mbéal an phobail Gael sa lá atá inniu ann. Tá gnéithe éagsúla sa scéal seo a thugann éachtaint dúinn orthu agus tá gné den scéal mealltach.

Blianta ina dhiaidh na crochaidh, tháinig fear, a bhí mar fhinné bainteach leis na dúnmaraithe Mhám Trasna go dtí an altóir ag aifreann agus d’admhaigh sé gur chúisigh sé bás fear a bhí neamhchiontach. Maolra Seoighe a bhí i gceist agus dúirt sé gur chúisigh sé príosúnacht de cheathrar chomh maith toisc go raibh mionn éithigh á thabhairt le linn an ama.

Tugann Bairéad léargas iontach dúinn ar chúlra na gcarachtair fiú dóibh a bhí dúnmharaithe, ar nós John an t-athair sa chlann agus Peigí an iníon a bhí acu. Taispeánann sé pearsantacht na daoine go réadúil agus gan áibhéil. Caitheann Bairéad solas ar scéal an-dorcha agus tugann sé tuiscint do scéal a bhfuil mearbhlach.

Tá an clár beoga agus mothúchánach agus cruthaíonn Bairead íomhánna maithe agus tarraingteach do na heachtraithe a tharla le linn an ama. Is seanscéal atá i gceist ach tá sé fós tráthúil sa lá atá inniu ann agus tá sé fós ag cur i bhfeidhm ar dhaoine. Tá sé ráite ag Ó Cuirreáin go bhfuil an leabhar atá scríofa aige mar mhodh meas a léiriú do na daoine neamhchionteacha agus déanann an dráma faisnéise an rud céanna.

Bhí Mícheál D. Ó hUiginn i mbun feachtas chun Maolra Seoighe (Myles Joyce) a bhí ciontaithe do na dúnmharuithe Mhám Trasna agus ar an 4ú Aibreán shínigh sé barántas pardúin dó don éagóir a bhí cuartha air. Mhol an t-uachtarán an clár ‘Murdair Mám Trasna’ go hard agus bhí toisc gur thug sé ceartas d’fhear éigiontach. Bhí go leor i láthair ag an ócáid stairiúil seo, daoine cáiliúla Éireannach agus sliontach Seoighe san áireamh. Ní raibh ach cúig phardúin uachtaráin cuartha i bhfeidhm ón mbliain 1937 ar aghaidh agus mar sin, is rud neamhchoitianta é seo toisc gur tharla an eachtra roimh bhunú na Stáite. Dúirt Ó hUigínn go raibh fionnaitheacht air agus é ag smaoineamh faoi na heachtraí a tharla i Mám Trasna.

Tá daoine gafa le choirscéalta fírinneacha le déanaí agus cuidíonn an dráma faisnéise Murdair Mhám Trasna siúil a chaitheamh ar stair na hÉireann agus ar scéal uafásach nach raibh ar eolas ar an-chuid de mhuintir na hÉireann. Taispeánann an ráth a bhí ag ‘Wild Wild Country’, clár faisnéise Netflix a insíonn an scéal faoi ghrúpa darb ainm ‘Rashneeshees’ agus an éagóir a bhí déanta ar dhaoine a bhí bainteach leo go bhfuil daoine ag iarraidh rudaí sa seánra seo a fheiceáil.

Cé go bhfuil Murdair Mhám Trasna díreach tar éis teacht amach, tá sé go mór i mbéal an phobail. Le cúnamh Dé fanfaidh an scéal beo le cabhair ón gclár agus ón ócáid stairiúil maidir leis an uachtarán agus an ceartas faighte do Mhaolra Seoighe.

Bhí na dúnmharuithe Mhám Trasna mar gné suaraí de chóras dlí choiriúil Éireannach ar feadh na mblianta. Cuidíonn cláir faisnéise stairiúil mar seo le daoine a bheith eolach faoi na drochrudaí a tharlaíonn sa domhan atá againn agus go gcaithfimid a bheith ar an eolas faoinár gcultúr agus na rudaí atá sáraithe againn mar speiceas.

Tháirg ROSG, comhlacht neamhspleách do tháirgeacht theilifís agus scannánaíochta, an scéal seo do TG4 agus tá sé roghnaithe mar an iomaitheoir Éireannach don chatagóir staire ag an Celtic Media Festival.  Tá an clár ar fáil ar an seinnteoir TG4 anois.

Clíona Hughes

Image Credit: tg4.ie

Comments

comments