An fhadhb atá le ceolcoirmeacha

Chuaigh mé go ceolchoirm le déanaí, agus caithfidh mé a rá nach raibh mé róthógtha leis an oíche.

Bhí an comhluadar go hiontach, bhí an stáitse thar barr, bhí an áit plódaithe agus bhí an talann go deo ag an mbanna ceoil a bhí á sheinm. Mar sin, ní cóir go mbeadh aon fhadhb, nach cóir? Bhuel, inseoidh mé duit an fhadhb atá agam. Is í an fhadhb atá agam ná nach raibh an t-amhrán is cáiliúla a bhí ag an mbanna ceoil seo á sheinm acu ag an gceoilchoirm. Bhí an t-amhrán seo i scannán – agus scannán mór le rá a bhí ann, scannán ina raibh $919.8 milliún tuillte aige sna pictiúrlanna.

Níl mé chun a rá cén t-amhrán ina bhfuilim ag caint faoi, ach tá mé cinnte go bhfuil an t-amhrán seo ar eolas agat, agus ag beagnach gach duine ina bhfuil teilifís acu. Dáiríre, ní ag déanamh áibhéile atá mé. Dá bhrí sin, bhí mé go hiomlán cinnte go mbeadh an t-amhrán seo á sheinm i rith na gceoilchoirme áirithe seo ag am éigin, ach ní raibh.

Tháinig mearbhall orm i ndiaidh na gceolchoirme, ach nuair a smaoinigh mé faoin eachtra, is ansin a thuig mé go raibh taithí agam le seo cheana. Chuaigh mé go dtí thart ar fiche ceolchoirmeacha i mo shaol. B’fhéidir go gceapann tú go bhfuil sé sin a lán, b’fhéidir nach gceapann, ach pé rud é, tá taithí agam le freastal ar roinnt dóibh, agus tá an feiniméan seo feicthe agam cheana. Cén fáth nach gcanann cuid de na ceoltóirí na hamhráin is cáiliúla atá acu?

Go minic, éiríonn ceoltóirí braon de na hamháin is cáiliúla atá acu, agus iad á chanadh ar feadh blianta – na hamhráin a bhíonn ar an raidió gach lá agus iad á chanadh lá i ndiaidh lae, ach an bhfuil sé i gceart an lucht féachana a ligean síos mar gheall ar sin? Tá an lucht leanúna ag íoc as a bheith ag an gceolchoirm áirithe sin agus mar sin, is iad na daoine sin na daoine is tábhachtaí, nach bhfuil?

“Tá taithí agam le seo, cinnte” a dúirt Áine, mac léinn a théann go ceoilchoirmeacha go minic. “Bhí mé ag ceolchoirm uair amháin ina raibh amhrán ag an mbanna ceoil a bhí ar chluiche ríomhaire cáiliúil, a bhain mé an súp as, bhí mé ar bís ag súil le hé a chloisteáil agus an banna ceoil seo sa seomra liom, ach níor chan siad é, bhí an t-amhrán sin an cheann leis na sruthanna is mó a bhí acu ar Spotify.”

Bhí sé ráite ag Liam Gallagher go gcuir an t-amhrán ‘Wonderwall’ fonn cur amach air tar éis é a chanadh arís is arís eile ar feadh cúpla bliain. Chomh maith le sin, bhí sé ráite ag Robert Plant, an fearr taobh thiar de ‘Stairway to Heaven’ le Led Zeppelin go raibh gráin aige don amhrán agus nach mbeadh sé in ann é a chanadh ag gach uile ceolchoirm, ionas nach mbeadh sé tinn, go fisiceach. Is dócha go bhfuil sé seo chun tarlú cuid mhór den am agus nach bhfuil mórán gur féidir linn a dhéanamh faoi.

Le Clíona Hughes

Image Credit : Pixabay