
Is rud thar a bheith spéisiúil é an choir fírinneacha agus is rud thar a bheith normálta é chun taitneamh a bhaint as cláir faisnéise faoi choir agus a leithéid ach is beag atá idir taitneamh a bhaint as agus rómánsú a dhéanamh ar dúnmharfóra srathach.
Thug roinnt daoine faoi deara sna meáin go bhfuil marsantas á dhíol a dhéanann rómánsú cinnte ar dúnmharfóra srathach le daoine ar nós Jeffrey Dahmer, Charles Manson agus John Wayne Gacy orthu. Tá sé seo neamhfhóirsteanach, cinnte toisc go dtaispeánann siad tacaíocht do na daoine seo, nach dtaispeánann siad? Caithfear t-léine le Beyonce air chun a thaispeáint go mbaineann tú taitneamh as a cuid saothar, is cinnte go léiríonn t-léine leis an dúnmharfóir stoidiaca scríofa air an tacaíocht chéanna dá ‘saothar’.
Creid é nó ná chreid, tá lucht leanúna ag cuid de na dúnmharfóra srathach móra ar suíomhanna ar nós Tumblr. Ar na postálacha Tumblr seo, bíonn ainm úsáideora acu ar nós ‘Mrs (ainm an ndúnmharfóir)’ ina gcuireann siad postanna faoi dhathúlacht an dúnmharfóir nó ina dhéanann siad ceiliúradh ar bhreithlá an murdaróir fiú ag iarraidh iad a scaoileadh ón bpriosún. Sula fuair Charles Manson bás i Mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí haischlib á úsáid ar nós #freecharliemanson. Taispeánann sé seo go bhfuil fadhb ann maidir le meon daoine óga ó thaobh dúnmharú de, go háirithe dóibh nach raibh beo i rith an bhfaitíos a bhí thart nuair a bhí na murdaróirí seo ar an bhfód nuair nach raibh siad gafa. Cinnte, tá an síceolaíocht taobh thiar de na daoine seo thar a bheith suimiúil, ach caithfimid stop a chuir leis an rómánsú atá á dhéanamh orthu le déanaí.
Chuaigh mé i dteagmháil le ceann de na blaganna seo, ach d’iarr an cailín taobh thiar den bhlag a hainm a choimeád go rúnda, dúirt sí “I think I can speak on behalf of most in my community when I say this, I like to think that I could have fixed these broken individuals and like to think that I could have prevented them from causing such destruction if I had been there for them.”. Cé go ndéanann an ráiteas sin ciall ar bhealach, an bhfuil sé fós míchuí tacaíocht ar bith a léiriú do na daoine seo?.
Bhí an podchraoladh clúiteach ‘My Favorite Murder’ i mbun conspóide agus iad díreach tar éis an tseó a bhunadh toisc go raibh ainm cineál mí-oiriúnach roghnaithe acu. Léirigh Karen Kilgariff agus Georgia Hardstark, a bhfuil mar láithreoirí ar an tseó gur podchraoladh grinn a bhí ann agus cé go ndeir siad gurb iad na dúnmharaithe ‘is fearr’ atá acu agus iad ag caint – níl sé sin i gceist i ndáiríre agus déanann siad iarracht léargas a thabhairt do dhaoine a bhfuil suim acu i gcoir conas iad féin a chosaint chomh maith le coirscéalta fírinneacha a insint i bhfoirm spraíuil. Is trua é nach bhfuil an láimhseail céanna ag gach duine maidir le hábhar chomh fíneálta agus is rud tábhachtach é meas a léiriú do chlainne na híospartaigh i ngach cás maidir le dúnmharú ina labhraíonn muid faoi.
Le Clíona Hughes
Image Credit: Fonts In Use