Galar an Gheimhridh

Le Róisín Ní Chuillinn

Nuair a éiríonn tú ar maidin, bíonn sé dorcha. Nuair atá tú ag siúl abhaile ón léachtaí fada, deacair- bíonn sé dorcha. Nuair atá tú ag seasamh i scuaine ar Sráid Fhearchair, ar meisce agus ag crith leis an bhfuacht- bíonn sé dorcha. Baineann an focal “Eanáir” le dorchadas. Tá siad ceangailte le chéile agus b’fhéidir beidh siad go deo na ndeor.

Ach, cén fáth go bhfuil Eanair an mhí is brónaí sa bhliain? Cén fáth go dtarlaíonn “Blue Monday” (an lá is gruama sa bhliain) ar 21 Eanáir? Bhuel, tá a lán fadhbanna ag baint leis an fhadhb seo. Dar le Dr Cliff Arnall síceolaí in Albain- is iad na cúiseanna is mó na Fiacha tar éis am Nollag (an iomarca), Achar tar éis an Nollaig (rófhada), Laethanta atá daoine ag fanacht le haghaidh a seic pá (an iomarca) agus Spreagadh tar éis na Nollag (nó easpa spreagadh).

Agus ar ndóigh an t-ábhar comhrá neamhchonspóideach sna siopaí ar fud na tíre- an aimsir uafásach. Báisteach, fearthainn, ceobhrán, brádán, ceathanna, múrtha, schrabanna báistí, breacbháisteacha, seadbháisteach, seadbhraonta, spéachbhraon, fearthainne, batharnach, clagarnach, dallchairt, forlacht, gleidearnacht, peatar , caidhleadh, liagarnach, rágaille… leanann an liosta ar aghaidh… Cé mhéad focal atá againn nuair atá muid ag caint faoi laethanta fluich i ndáiríre? B’fheidir níos mó ná atá ag na eskimoes nuair atá siadsan ag plé cúrsaí sneachta.

Bímid ag magadh an aimsir uafásasach agus gach uile rud inár gcoinne ach le haghaidh daoine eile tá sé i bhfad níos dáiríre. Táim ag caint faoi neamhord mothachtálach (Seasonal Affective Disorder), galar a bhuaileann duine amháin as gach cúig dhuine dhéag. An gcúis? Easpa solas na gréine. Cuireann sé isteach ar do mhéid séireatoinn. Is iad na siomptóim SAD ná dúlagar, neamhchodladh, córas imdhíonacht fiú easpa libídeo. Bíonn sé i bhfad níos measa sna míosa is dorcha- Nollaig, Eanáir agus Feabhra. An bhfuil aon leigheas ar an ngalar uafásach seo seachas imirce? Déanann cuid de na daoine “phototheraphy” cóireáil de sholais UVB. Ach tá sé sin costasach agus glacann sé go leor ama inár saoil gnóthach.

Mar sin, conas gur féidir linn ár meon a fheabhsú agus é fuar agus brónach taobh amuigh? Dar le Dr Cliff Arnall- Is ea 20 Meitheamh an lá is sona sa bhliain. Feicimid na cúiseanna ón gcothromóid seo – O + (N x S) + Cpm/ T + He. O – outdoors (am a chaitheamh taobh amuigh gan do ghuthán póca), N- Nature (nádúr, ag féachaint ar na bláthanna álainn agus crainnte na coille), S-  Socialisation (ag caint le do chairde nó fiú do chlann), T- Temperature (an teocht, tá súil againn go mbeidh sé i bhfad níos fearr), HE- Holiday Expected (ag tnúth go mór lena laethanta saoire atá roimhe)

Idir an dá linn, féach ar ár meon. Cén fáth go bhfuil an duine bocht, fuar ag ithe Pot Noodles inniu chomh difriúil ón duine fláithiúlach a bhí sna tithe tábhairne go ham dúnta ag canadh in ard a chinn is a ghutha Oíche Nollag. Cinnte, níl aon airgead againn. Cinnte, tá billí le híoc. Ach, cén fáth nach bhfuil muid in ann spiorad an Nolliag a choimeád le haghaidh na bliaina ar fad? Cén fáth nach bhfuil muid in ann an draíocht, an grá agus an comhluadar a léiriú i rith na míosa is measa? Sa bhaile, Lulea, sa Sualainn- fanann soilse na Nollaig ar na tithe agus na cráinnte go dtí an t-earrach. Sa bhaile seo níl ach trí huaire don solai/ na gréine. Tosaíonn an dorchadas ag a dó a chloig gach iarnóin. Tá gach uile duine ar an domhan seo ag iarraidh níos mó solas in ár saoil. Is bealach iontach iad na soilse Nollaig é ár ndóchas a léiriú sa ghnáthshaol. Is bealach íontach iad chun galar an gheimridh a laghdú. Cuir suas an crann Nollaig, oscail na boscaí milseaín atá faghta sa seomra suite agus bí ag féachaint ar Ryanair chun eitlití saoire a cheannach.

 

Le Róisín Ní Chuillinn

Image Credit : Carrie McMullan