Saoirse Ronan: Stór na hÉireann nó pian inár dtóin?

Le blianta anuas, Baineann Hollywood leas as ár gcultúr, mar dhaoine Éireannach – níl Saoirse Ronan difriúil in aon chor. Caith súil ar an scige mhíchlúiteach ar Saturday Night Live maidir le hAer Lingus.

Is aisteoir den scoth í Saoirse Ronan, ní féidir le haon duine é shéanadh. Tá creidiúint tuillte aici de bharr a bhfuil bainte amach aici. Ach, in ainm Dé, cuir stad leis na paddywhackery, a Shaoirse.

I 2016, ainmníodh Saoirse do Dhuais Acadamh tar éis a léiriú i Brooklyn (bunaithe ar úrscéal le Colm Tóibín, scríofa i 2009). Insíonn an scannán an scéal faoi Eilis Lacey, bean óg ag dul ar imirce ó Loch Garman go Nua Eabhrac sna caogaidí. Is scannán thar cionn é Brooklyn mar insíonn an scannán do ghlúin na himirce, Diaspóra na nGael agus an fhírinne a bhí in Éirinn ag an am. Sin é an fíorscéal dár n-oidhreacht mar dhaoine Éireannach.

Is léir go bhfuil sí an-bhródúil as a hoidhreacht féin mar bhean rathúil Éireannach – agus tá gach ceart aici a bheith bród aisti féin. Níl sí ach 24 bliana d’aois agus ainmníodh sí do trí Dhuais Acadamh – dochreidte. Ach is dócha go bhfuil sí níos gafa le Hollywood agus an tuairim ann faoina hÉireannaigh ná an cultúr Éireannach.

I Samhain 2017, bhí páirt ag Saoirse i Saturday Night Live. Is cuimhin leis an iomarca daoine an scige faoi Aer Lingus (chaill sibh deis iontach le Ryanair, leaids). Tháinig na seanrudaí céanna: scéal grinn faoina hÉireannaigh agus prátaí – topaic caite. Bhí sí ag déanamh agallamh le Vanity Fair agus an chéad rud a rinne sí ná chuir sí Mrs Potato Head ó Toy Story ar an mbord chun an áit a dhéanamh “níos Éireannach” – i ndáiríre Saoirse?

(B’fhéidir go bhfuil éad orm. B’fhéidir.)

Ar ndóigh, is bean láidir, éirmiúil í ó aois óg – ainmníodh í do Dhuais Acadamh nuair a bhí sí 12 bliana d’aois. Tá sé sin dochreidte mar is cailín Éireannach í – cosúil liom agus le mo chairde agus tá sí chomh rathúil ná Julie Andrews, Joan Crawford agus Greta Garbo agus níl sí ach 24 bliana d’aois.

An rud is tábhachtaí, i mo thuairim, ná úsáideann Saoirse a cháil chun solas a chur ar chúrsaí sóisialta agus polaitiúil in Éirinn. Nuair a bhí an daonra ag déanamh díospóireacht ar an t-ochtú leasú den bhunreacht, bhí sí ag stocaireacht ar son chearta na mban – ar son Aisghair. Bhí sí ag caint le Lorraine Kelly roimh an reifreann agus chuir sí solas ar “dháréag mná gach lá”. Bhí sí i bhfíseán le cúpla daoine cáiliúla roimh an reifreann i mí Bhealtaine ag iarraidh daoine vótáil TÁ ar son aisgháir a chaitheamh.

 

Le Lauren Ní Chatháin

Image Credit : The Today Show