Mallacht an damhsa

Tá ‘Dancing on Ice’ ar ais arís agus tá roinnt á rá go bhfuil an ‘Strictly curse’ bainteach leis an gclár seo chomh maith.

Cad í an mhallacht seo? Is í atá i gceist leis an diabhal ‘mallacht’ seo ná an t-athrú idir páirtí damhsa go páirtí rómánsach.

Tá sé seo tar éis tarlú arís agus arís eile thar na blianta agus anois bíonn daoine ag súil leis agus ar bís faoin scannal atá bainteach léi bliain i ndiaidh bliain.

I gcás roinnt dóibh, bhí siad i gcaidreamh roimh an gclár agus is í sin an fáth go mbíonn daoine chomh gafa leis an gcoincheap seo, go dtréigeann daoine na leannáin a bhí acu cheana féin chun dul le damhsóir nár chas siad leis ach seachtain ó shin.

Tá an scéal seo scannalach, caithfear a admháil. Tá na céadta daoine cáiliúil a thréig a gcuid leannáin díreach i ndiaidh na cláir damhsa seo agus téama leanúnach atá ann. Cinnte, bíonn éad i gceist.

Bíonn daoine ag damhsa go minic agus ag cleachtadh go géar lena chéile lá i ndiaidh lae agus cruthaítear éad faoi leith ina gcuid caidreamh, cé nach mbíonn siad ag súil le seo. Féach ar chás Brianne Delcourt agus Matt Lapinskas.

Thréig Matt a leannán, Shona Mc Garty chun dul le Brianne, an damhsóir proifisiúnta, chruthaigh sé seo stoirm sna meáin toisc go mbíonn daoine ag ceistiú an raibh caimiléireacht i gceist, gheall siad nach raibh ach cinnte go raibh ceimic neamhoiriúnach eatarthu i rith an gcláir teilifíse.

Bhris Jake Quickendon suas lena fiancé, Danielle Fogarty agus é tar éis an bhua ar Dancing on Ice a fháil, tá patrún éigin i gceist anseo agus tá go leor ann a bhfuil lán-cinnte faoi.

Ar an gclár i mbliana tá daoine ag breathnú go géar ar Wez agus Vanessa, a scar lena buachaill, Louis Nathaniel díreach roimh an gcéad seó. Bhí siad le chéile ar feadh dhá bhliain go leith.

Bhí daoine á cháineadh, go háirithe daoine a bhí gafa leis an gclár, Love Island, toisc go raibh daoine ar son an chúpla Megan agus Wez, a d’éirigh go maith leo le chéile ansin.

Ba léir nach raibh Megan Barton Hanson, cailín Wez, róthógtha le Vanessa toisc gur aithin sí go raibh a caidreamh le Wez i mbaol.

D’aithain sí go raibh Wez agus Vanessa ag réiteach go maith lena chéile agus chuaigh sí ar Instagram chun a cuid mothúcháin a roinnt leis an bpobal.

Tar éis ‘blowout’ ollmhór ar Instagram ina raibh Megan macánta faoina tuairim faoi Vanessa, thug Wez tacaíocht dí. Tar éis tamall, áfach, bhí an iomarca brú ar an gcúpla agus bhí ar Megan agus Wez scaradh óna chéile.

An scéal céanna a bhíonn ann gach uile bhliain.

Dar le Jason Gardiner, moltóir ar ‘Dancing on Ice’, tá an ‘mallacht’ a bhfuil bainteach leis an gclár i bhfad níos measa ná an cheann a bhfuil bainteach le ‘Strictly Come Dancing’.

Tarlaíonn sé bliain i ndiaidh bliain agus ní dóigh liomsa go mbeidh athrú ar an scéal seo go luath.

Le Clíona Hughes

Image Credit: