Tá ‘Seachtain na Gaeilge’ 2019 ag teacht

Bíonn Seachtain na Gaeilge i gcónaí ar cheann de na seachtainí is tábhachtaí agus is gnóthaí sa bhliain do Ghaeil.

Seans maith go mbíonn sé in áirithe sa bhféilire ag daoine cúpla mí roimh ré. Is beag am sa bhliain ina mbíonn an Ghaeilge níos so-fheicthe nó go mbíonn sceitimíní chomh mór sin orthu siúd a labhraíonn é.

Ritheann Seachtain na Gaeilge gach bliain ó 1-17 Márta, an choicís roimh Lá Fhéile Pádraig. Bíonn imeachtaí ar siúl go náisiúnta agus bíonn chuile dhuine i saol na Gaeilge le feiceáil áit éigin, más láithreoir teilifíse ag cur agallamh ar stáitse, scríbhneoir ag déanamh ceardlanna scríbhneoireachta, nó fiú do DJ Raidió na Gaeltachta áitiúil ag ithe brioscaí ag maidin chaife.

Ní haon difríocht é 2019, le hAmbasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2019 fógratha; láithreoir 2FM Tracy Clifford agus peileadóir Átha Cliath Michael Daragh Macauley ina measc. An jab a bheidh acu ná freastal ar na himeachtaí, an fhéile a chur chun cinn trí labhairt ar phainéal cainte, scéal a scaipeadh ar na meáin sóisialta agus bheith ag gníomhú leis an bpobal trí labhairt na Gaeilge.

Níor thosaigh an fhéile go fóill i mbliana ach is léir go bhfuil rogha láidir Ambasadóirí roghaithe i mbliana; ar an bpainéal chomh maith tá Sibéal Ní Chaiside, a bheadh aithne ag daoine uirthi ó bheith ag canadh ‘Mise Éire’ mar chuid de chomóradh Éirí Amach a Cásca i 2016 agus cúpla mí ó shin, chuir Tracy a clár 2FM i láthair go dátheangach mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

An chéad bhliain inar eagraíodh Seachtain na Gaeilge ná 1902 le seachtain amháin eagraithe. Thosaigh sé ag fás, go háirithe leis an náisiúnachas a cothaíodh san éirí amach, agus beartaíodh tamall ina dhiaidh go mairfeadh an fhéile ar feadh coicíse chun freastal ar an éileamh a bhí air.

Anois bíonn imeachtaí le fáil i ngach scoil, coláiste agus baile sa tír. Sa bhunscoil bheadh céilí againn gach bliain agus bheadh cead againn uilig gléasadh in éadaí glasa ar feadh an lae.

Is cuimhní cosúil le sin a chuireann Seachtain na Gaeilge i d’aigne gach bliain agus go mbíonn tú ag iarraidh páirt a ghlacadh ann.

Bíonn an ócáid seo an-tábhachtach do dhaoine a labhraíonn Gaeilge. Is é an deis is fearr é gach bliain le bheith gníomhach le Gaeilge.

Bíonn deis ag daoine le Gaeilge an teanga a úsáid níos minicí ná mar a bheadh de ghnáth agus bualadh le daoine nua a roinneann an grá sin. Bíonn ócáidí agus imeachtaí ann do gach leibhéal Gaeilge, cosúil le ranganna saor in aisce ó thosaitheoirí go cainteoirí líofa.

Má theastaíonn uait triail a bhaint as do chuid Gaeilge a úsáid, is é seo an t-am is fearr sa bhliain é a dhéanamh, bíonn imeachtaí ar siúl i ngach áit, ní gá ach iad a chuardach.

Bhí neart imeachtaí againn anseo in DCU anuraidh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Bhí Pizza & Plé, bhí DCUfm ag craoladh beo trí Ghaeilge, agus bhí Lá na Meán Sóisialta, ócáid oifigiúil de chuid Sheachtain na Gaeilge, á hóstáil sa Seomra Caidirimh le láithreoi TG4 Caitlín Nig Aoidh agus an ‘Snapchatter’ James Patrice ar an bpainéal cainte.

Beidh neart imeachtaí íontacha á eagrú arís i mbliana, a bheidh fógraithe go han-luath.

Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge in DCU i mbliana le haon leibhéal Gaeilge, más cupán tae a fháil nó bheith ag damhsa le do ghrá ag céilí atá ann, coinnigh súil ar leathanaigh na meáin sóisialta an Chumann Ghaelaigh agus an SU. Bígí ann.

Le Ruairí Mac Aodhagáin

Image Credit: