Léirmheas ar ‘You’

FÓGRA SÉANTA: MILLEADH SCÉIL SAN ALT SEO.

Bhí mé ag féachaint ar YOU ar Netflix i rith na scrúduithe i mí Eanáir – agus tá a LÁN smaointe agam faoin snáithe scéal, faoina carachtair agus conas a bhaineann an scéal le sochaí sa lá atá inniu ann – Ré an idirlín

I NDÁIRÍRE LEAIDS, NÁ LÉIGH AN ALT SEO MUNA BHREATHAÍONN TÚ AR AN CLÁR.

Oibríonn Joe Goldberg (Penn Badgley ó Gossip Girl) i siopa leabhair i Nua Eabhrac le Ethan – an t-aon chara atá aige (breatach dhearg idir a haon). Tagann Guinevere Beck (Elizabeth Lail) isteach agus ón bpointe sin, éiríonn rudaí “creepy”.

Baineann Joe úsáid as a scileanna stalcaire chun gach rud fuithí a faigh amach. Téann sé isteach ina hárasán agus goideann sé a fón póca. Leanann sé  í go dtí oíche open-mic agus tar éis sin, go dtí stáisiún subway agus GO TOBANN, thit sí ar na ráilí. Níor chuir sé iontas ar bith orainn, sábhálann sé a bheo. Nuair a tagann sí ar ais go dtí an siopa chun buíochas a gabháil leis, cuireann sé ceist uirthi – dul amach leis.

I rith an ghaoil aisteach, déanann sé rudaí uafásacha – maraíonn sé a buachaill on-off Benji, a chara dílis Peach (cinneann Joe go bhfuil sí nimneach – agus bhí sí ag éirí amhrasach). Taispeanann sé iompar drochídeach i rith an tsraith – ní raibh aon muinín aige inti. Téann Joe go dtí a teiripeoir le bréag faoina gaol le “Renaldo”. Tá níos mó eolais cuimsitheach ag taisteál uaidh. Cloiseann sé téip ar ríomhaire san oifig agus tá Beck ag caint faoi Joe. Briseann siad suas mar níl sé an am ceart.  Tá sé i ngaol nua le cailín darbh ainm Karen trí mí ina diadh. Buaileann Joe agus Beck le chéile nuair a mbíonn siad ag tabhairt cabhair do Blythe agus Ethan agus tosaíonn siad a ngaol arís.

Faigheann Joe amach go raibh Beck i gcaidreamh seachphósta lena teiripeoir agus nuair a tugann sé aghaidh uirthi, deireann Beck go bhfuil sí i ngrá le Joe. Tar éis an admháil sin, tá Joe ar muin na muice. Tá gach rud go breá go dtí go tagann  Beck ar bosca sa síleáil – tá a fón póca, fón póca Benji agus fón póca Peach agus cuimhneacháin gránna eile ar nós fiacla. Tagann Joe uirthi nuair a bhíonn sí ag féachaint sa bhosca.

Maraíonn sé í.

Tá sé thar a bheith scanrúil mar, taobh amuigh den a cligeann, is fear normálta  é Joe. Buaileann muid le daoine cosúil le Joe gach lá – daoine slítheánta, bréige. Deireann Daniel Fienberg “The time is probably perfect for Lifetime’s You, an extremely watchable stalker drama with at least peripheral mindfulness of Hollywood’s tradition of writing women who get weak at the knees around men who, in any civilized society, would be walking restraining orders or worse.” sa Hollywood Reporter. Tháinig an clár seo amach i lar an ghluaiseacht Me Too i Mean Fómhair 2017.

Is clár den scoth é You mar taispeánann sé na contúirtí i ngnáthshaol. Buaileann tú le fear nó bean deas. An chéad rud eile, maraítear tú.  Múineann an clár ceacht mhaith freisin: Ná cúr do mhuinín in aon duine. In am ar bith. Gheobhaidh tú bás. Gan dabht.

Le Lauren Ní Chatháin

Image Credit: