Tionchar Seachtain na Gaeilge

Le Seachtain an Gaeilge thart, is críoch é de cheann de na seachtainí is tábhachtaí i bpobal na Gaeilge. Bhí bliain den scoth aici i mbliana, mar a bhíonn i gcónaí, anseo ar champas agus lasmuigh de.

Bíonn an oiread sin imeachtaí ar siúl gach bliain, idir mhaidineacha caife agus ceolchoirmeacha. Déantar iarracht tionchar Sheachtain an Gaeilge a scaipeadh ar fud fad na tíre. Thosaigh Seachtain na Gaeilge i Mí Feabhra i mbliana leis an seoladh oifigiúil i Muineacháin. Ní amháin imeachtaí a eagraítear chun an féile a cheiliúradh. De ghnáth bíonn ambasadóirí ag Seachtain na Gaeilge chun an féile a chur chun cinn i measc an phobail agus a scaipeadh i ngach áit.

Roghnaítear meascán de chainteoirí líofa agus daoine le roinnt Gaeilge le freastal ar chuile dhuine. I mbliana bhí Linda Ervine, Oifigeach forbartha teanga in Oirthear Bhéal Feirste, Sibéal Ní Chasaide, amhránaí ó Ráth Chairn, Michael Darragh Macauley, peileadóir Bhaile Átha Cliath agus Tracy Clifford, láithreoir 2FM mar ambasadóirí i mbliana, le taithí éagsúil acu uilig. Cabhraíonn ambasadóirí go mór leis an bhféile toisc gur féidir le daoine ionnanú le duine éigin acu agus ionnanú le mianta na féile.

Anseo sa choláiste, bhí neart imeachtaí ar siúl againn do Sheachtain an Gaeilge. D’éirigh linn Oíche Scannáin a eagrú le FilmSoc, bhí ‘Pizza & Plé’ againn sa Seomra Caidrimh (in áit Tae & Plé) agus bhí Painéal na nGael againn le triúr íontach againn ag labhairt faoi réimse scéalta. ar an bpainéal bhí Aoife Ní Déisigh, Oifigeach na Gaeilge USI, Ciara Ní É, Youtuber & file, agus Niamh Ní Chróinín, bainisteoir Raidió Rí-Rá agus Láithreoir Spin1038. Ar an 14 Márta freisin, bhí Bál na Gaeilge ar siúl san Óstán Skylon i nDroim Conrach, agus oíche den scoth a bhí ann. Bhí béile, fáiltiú prosecco agus neart damhsa ar siúl.

Ní hé Seachtain na Gaeilge tús agus deireadh an scéil maidir le Gaeilge a úsáid go poiblí, bíonn sé in úsáid ag daoine go laethúil mar theanga baile, oibre nó sóisialta. Ceist mhór choitianta a bhíonn ag daoine ná conas an Ghaeilge a úsáid níos minicí mura bhfuil siad líofa nó fiú beagáinín cuthaileach faoina leibhéal féin.

Modh atá á spreagadh faoi láthair mar bhealach chun do chúpla focal a úsáid gan an strus ná chun focail nó frásaí a úsáid in áit Béarla go laethúil i gcomhthéacsanna simplí. Mar shampla, abair ‘go raibh maith agat’ leis an oibrí a ullmhaíonn do chicken fillet roll duit ag an deli, iarr ar an tiománaí bus tú a thógáil chuig ‘Sráid Uí Chonaill’, nó abair ‘más é do thoil é’ agus tú ag ordú na cannaí Jack Slatts sin ag Shite Night.

Ní gá an teanga a choinneáil laistigh den gcoicís atá ann le Seachtain na Gaeilge. Téigh amach agus bain triail as, seans maith go n-úsáidfidh daoine eile leat í.

Le Ruairí Mac Aodhagáin

Image Credit : Seachtain na Gaeilge