Deiseanna iontacha as DCU

Beidh m’iníon amháin, Aisling, ag pósadh le Seosaimh, sa Stát Aontaithe, ar an Satharn Cásca seo chugainn: 20u lá de mhí Aibreáin.

Thosaigh Aisling ag staidéar i DCU i 2006 ag déanamh céim i Gnó Trasatlantach. Bhí áthas uirthi nuair a fuair sí an cúrsa seo mar bhí suim mór aici a bheith ag obair sna Stát Aontaithe. Ach ar dtús fuair sí an dara rogha sa CAO: céim i gColáiste na Tríonóide agus thosaigh sí ann – cúpla seachtain ina dhiadh fuair sí an chéad rogha i DCU as an CAO dara babhta. Bhí sí idir dhá comhairle (ar feadh cúpla nóiméad), ach bhog sí go DCU mar cheap sí go raibh deis nár mhór a thapú, agus i ndeireadh an lae, is rogha ceart í.

Caith sí dhá bhlian i DCU agus dhá bhlian eile in Ollscoil Northeastern i mBostún. Is cuimhin go mór liom an lá go raibh sí ag bogadh as Baile Átha Cliath go dtí Bhostún, ag an aerphort: mise agus a n-athair agus beirt dearthár agus na chairde go léir ag tabhairt slán agus comhairle: “Ná déan dearmad linn”. Ní raibh fhios agam ar an am sin go bhfanfaidh sí ann sna SA, (Tá an carta glas aici anois).

Sa chéad bhliain, bhí an saol deacair mar bhí gach rud difriúil , cosúil le gach mhic léinn bhí an airgead in easpa agus bhí uaigneas uirthi gan na chairde agus an chlann – bhí sí níos cóngarach leis an dearthár bheag: John, bhí sé cúig bhliana d’aois nuair a d’fhag sí. Ar an dara bhliain, socraigh sí síos, deanaigh sí chairde nua agus bhain sí taitneamh as an aimsir níos deise ná Eireann!

Bhíomar ann ar an Lá Bronnadh i mBostún – bhí Lá Bronnadh eile aici i DCU cúpla mhí ina dhiadh – dhá lá speisialta againn, fuair sí céim chéad rang honóracha. An lá tar éis an bronnadh, thosaigh sí ag obair i gcomhlacht bogearraí domhanda ag díolíochta. Bhí sí ar fheabhas den obair agus i gceann tamaill d’oibrigh sí suas an dréimire- Is leasuachtarán í anois i roinn na díoláiochta . Tá mé an-bhrodúil aisti mar obríonn sí go dian agus í measc na fir – tá dúshlán uirthi gach lá a bheith ag lorg comhdheiseanna idir na fir agus na mná san obair.

Tá a shaoil ag bogadh i mbealach difriúil anois, saol teaghlaigh, cheannaigh sí teach álainn faoin tuatha, lasmuigh as Washington DC. Tá daoine eile ina shaoil anois, Joe agus a pháistí bheaga : Kira, 6 agus Locke, 3.

Tá mise sa chead bhliain anois i DCU ag deanamh céim i nGaeilge agus Iriseoireacht. Is mise bhean a bheadh tagtha in inmhe (of mature years). Nuair a bíonn buartha orm maidir leis an staidéar, fuair mé misneach as m’inion.

Nuair a tiocfaidh an Lá Pósta agus nuair a bheidh mé ina sheasamh ar an tráth i North Beach, Maryland ag éisteacht le m’iníon ag deanamh a gealltanais na bhainis, cogairfaidh mé paidir o buíochas de DCU agus an deis iontach a thug siad dúinn.

Le Mary Blundell

Image Credit:  dcu.ie