Beatha teanga í a labhairt: an Gaeilge agus imreoirí CLG na mBruiséile

Cian Ó hÉidín

Cén tionchar atá ag ár dtimpeallacht ar ár n-úsáid do Ghaeilge?

Cén ceachtanna an feidir le gaelgóirí foghlaim maidir le conas úsáid na gaeilge a spregadh ó imreoirí CLG na Bruséile? Labhaireadh leo chun fáil amach faoin saol atá ag gaelgóirí thar sáile.

I 2007, aimníodh an Ghaeilge mar teanga oifiigiúil de chuid an Aontas Eorpach, agus le sin, thar tamall, thosaigh na hinstitiúidí Eorpacha ag cur poist ar fáil do ghaeilgeoirí. Timpeall an am céanna, bhí club beag CLG sa Bhruséil, a thosaíodh i 2003, ag fás go tapaidh. 

Nuair a athríodh stádas na Gaeilge san Aontas i 2013 go teanga oibre iomlán, ag cruthú na céadta poist le bheith lionta sa Bhruséil sa phróiséas, tháinig an chéad céim mór eile maidir le n-úsáid na Gaeilge sa Bhruséil.

Dá mbeadh duine ag iarraidh fáil amach cén fáth a n-úsáidtear an Ghaeilge go minic sa Bhruséil, ní feidir breathnú ar an lucht oibre amháin, ach ar na hÉireannaigh ar fad sa Bhruséil, agus fiú thar sáile go ginerálta.

Luann daoine go minic go n-úsáidtear a gcuid Gaeilge, cibé leibhéal atá acu, níos mó thar sáile, má tá siad ag iarraidh comhrá príobháideach a bheith acu ar tram nó ar óiche amach, mar shampla, nó chun focail maslaithe i nGaeilge a míniú go dtí a chairde idirnáisiúnta don chraic.

Mar sin, tá sé níos éasca tuiscint a bheith againn ar cén fá atá Éireannaigh thar sáile níos oscailte Gaeilge a chloisteáil ina gcuid saol pearsanta ná a bhíonn daoine in Éirinn go minic, agus is í amach as an meon sin go dtagann an gné beomhar don teanga atá le feiceáil sa Bhruséil. Cuirfear drámaí ar fáil trí Ghaeilge, agus bíonn ciorcail comhrá ar siúl gach seachtain, ach is í leis an gclub CLG ann, Craobh Rua CLG, go bhfeictear an tionchar atá ag an meon seo is soléire.

Imreoirí na mBruséile ag traenáil.

Nuair a shiúlann tú tríd na geataí ag páirceanna rugbaí an VUB, campas pléimeannach Ollscoil Saor na mBruséile, nuair atá traenáil CLG ar siúil, is minic go gcloisfeá an gaeilge go díreach, dá mbeadh beirt comhghleacaithe ag léiriú an nuacht nua ón oifig an lá siúd, nó le duine eile ag comhaireamh go deich agus iad ag searradh.

Chomh maith le sin, cloistear í fiú idir dhaoine mar “modh chumarsáide” i rith cluiche, “ionas nach mbeadh éinne ábalta” iad a thuiscint dar le Marla De Chondúin, múinteoir bunscoile agus imreoir peile lonnaithe sa Bhrúséil. Bíonn imreoirí bainteach leis an gclub go minic ó gach áit sa domhain freisin, agus is minic go múineann na gaeilgóirí cúpla focail leo chun go mbeadh an deis acu blas beag a fháil don gné sin do chultúr na hÉireann.

Ach ní hamháin mar “teanga rúnda” go n-úsaideann imreoirí CLG na mBruséile a gcuid gaeilge, dar le Tomás Mac Giolla Bháin, imreoir peile is iomána sa chlub. Dar leis, úsaideann sé “an Ghaeilge níos minice sa Bhruséil ná i Sligeach nó fiú i [mBaile Átha Cliath]”. Luaigh Aodháin Ó Murchú, imreoir eile sa chlub, an rud céanna, go bhfuil fiú “neart daoine nach [labhraíonn sé] ach gaeilge leo, taobh amuigh den obair agus más gáth leis, lastigh den obair”.

Léirigh Caoimhe Ní Shúilleabháin “gur [is leis na imreoirí an club]”, mar nach bhfuil an coiste daoine ar leith, ach gur imreoirí iad freisin, agus mar sin go dtuigeann na himreoirí gur is iad “spiorad” an chlub. Mar sin, bíonn chuile duine páirteach maidir le heagrúchán an chlub, ag ullmhú ceapairí agus ag togáil na cúil an óiche roimh comortais, nó ag díol di agus ticéidí crannchuir ag an féile Naomh Phádraig nó an óiche céilí, na ócáid tiomsaithe airgid mór atá ag an gclub.

Na corn ar fáil ag comortáis an club ógra i mbliana.

Is feidir an paisean seo don chultúr a feiceáil tríd an chlub ar fad, ach go háirrithe i measc an club ógra, Club Gaelach na gComhphobal Eorpach sa Bhruséil. Eagraíonn an chlub rás óige trí Ghaeilge, chomh maith le traenáil agus gníomhaíochtaí éagsúile eile trí Ghaeilge timpeall Seachtain na Gaeilge gach bliain. Bíonn ceol agus amhránaíocht Éireannach agus Gaelach ar siúil ag na comortáis a eagraítear freisin, rud a bhíonn páistí agus daoine fásta páirteach le i gcónaí.

Is am an-tabhachtach atá ann faoi láthair don Ghaeilge, mar tá níos mó agus níos mó daoine ag ionsaí stádas ár teanga náisúinta, agus le tréigean na tuaithe, tá níos lú agus níos lú daoine óga ann chun ár nGaeltachta a choiméad beo. Le sin, bíonn mórán díospóireacht idir ghaelgóirí faoi cad atá le dhéanamh acu chun úsáid na Gaeilge a spreagadh sa ré nua, agus is fiú féachaint ar an Bhruséil mar shampla don bhealach é sin a dhéanamh.

Ní teanga ar pháipéir í an Ghaeilge, ní raibh sí riamh, agus is tríd ár gcultúr, an CLG, ár éaláin, ach go harraithe trí bhéal – ba chóir go mbeidh muid ag múineadh í go daoine, ní hamháin trí seomrai ranga agus scrúdaithe.

Beatha teanga í a labhairt, rud a thuigeann gaelgóirí agus Éireannaigh na mBruséile go maith.

Cian Ó hÉidín

Image Credit: Cian Ó hÉidín