Trasnachas agus dlúthphartaíocht san aois nua

Cian Ó hÉidín

San aois nua, cloistear go minic ó gníomhaithe agus polaiteoirí ar an eite dheis agus ar an eite chlé faoi polaitíocht na féiniúlachta, ó thaobh amháin, cé chomh amadach is atá an coincheap dó agus ón thaobh eile, cé chomh amadach is atá na daoine ag ceistiú í.

Tá sé soiléir le feicéal cé chomh tábhachtach is atá sé do dhaoine, go hairíthe daoine atá tar éis a saol a chaitheamh ar imeall an tsochaí, daoine imeallaithe le na tréithe céanna leo a fheiceáil le hardán poiblí, sa pholaitíocht, san ealáin nó sna meain, atá ag úsáid an ardán siúd chun labhairt faoin saol a mbíonn ag daoine imeallaithe cosúil leo.

Smaoinigh faoi an áthas a mbíonn ar daoine nuair a osclaíonn duine LADT+ faoi choim suas faoi na deacrachtaí do ag iompair timpeall faoi cheilt, nó nuair a labhraíonn daoine gorma faoi na fadbhanna a bhíonn acu mar gheall ar ciníochas, nó le mná agus fuath ban, ach ní minic é go thagann daoine amach faoi níos mó na saghas amháin do an idirdhealú a mbíonn daoine ag fulaingt le gach lá.

Do gníomhaithe éagsúla ar an eite chlé, bhí an freagra soiléir.

Trasnachas a bhí an ainm a chuireadh ar an coincheap go raibh chun polaitíocht na féiniúlachta a shábháil, mar ainmnigh trasnachas na bealaí éagsúla in a mbíonn idirdhealú mar in gcéanna do ghrúpaí imeallaithe. Mar choincéap déanann sé go leor ciall do daoine, mar go bhfuil daoine ag fulaingt mar gheall ar na cumhachtanna céanna, ba chóir dóibh seasamh taobh le taobh chun na cumhachtanna seo a friotú.

Ach tá fadhb an-thábhachtach leis an bealach seo do ag tuiscint trasnach. Níl na daoine ag troid ar son an comhionannas cothrom le thosnú. Cinnte, tá daoine ag fulaingt mar gheall ar na cumhachtanna céanna, ag níl gach éinne ag fulaingt an méid céanna. Mar sin do daoine imeallaithe a bhfuil trasnach ó nádúr, ní bhíonn an deis céanna acu seasamh taobh le taobh le daoine eile ‘níos lú imeallaithe’.

Is as seo a thagann dhá smaointe deacra atá le phlé ag éinne atá ag iarraidh nach mbeidh na fhadbhanna céanna ag trasnachas is atá ag polaitíocht na féiniúlachta.

  • Cén tionchar atá ag phribhléid ar gníomhaíochas trasnach?
  • Cén ról atá ag aicme le himirt i díospóireacht trasnach?

Gan dabht tá an físéan idirlíne cáilúil faoi pribhléid feicthe ag go leor daoine, eagraíonn duine rás le $100 mar dhúis ach roimh a thosnaíonn an rás, deirtear leis an slua dhá chéim a bhogadh chun tosaigh do gach ceann do na dearbhuithe atá léite amach átá fíor in a tsaol. Bhí go leor díospóireacht i ndiadh an fís ag pléascadh ar an idirlíon faoi na dearbhuithe seo, agus má raibh phribhléidí i gceist nó míbhuntáistí, ach le sin, caill go leor daoine pointe an fís: sa saol, ní bhíonn an deis céanna ag daoine seasamh taobh le taobh, agus is í ról na daoine le hárdán, a ghuth a úsáid chun na ghuthanna agus na scéalta do daoine níos imeallaithe ná hiad in a gcomhluadar a hardú.

Tá neamhchothroime chumacht i gceist i ngach comhluadar mar gheall ar na phribhléidí agus míbhuntáistí a mbíonn ag daoine sa chomhluadar. Mura dtuigeann daoine an tionchar go bhfuil ag siúd ar daoine in a measc, thosaíonn na fadhbanna seo ag scarradh an comhluadar. Luann an rapálaí Stormzy na fadhbanna nuair nach dtuigeann daoine go bhfuil comhthéacs agus cúlra ag chách, mar shampla, i ‘Don’t Cry for Me’ ó Gang Signs & Prayer:

“Man are out here beefin’ like we ain’t broke enough / Swear these brothers ain’t woken up / Like what have I done to deserve this life? / I got brothers in the pen that I’ll never see again / Got my brothers dem servin’ life / And I know that you think that it serves ‘em right / But I come from a place where you burn or die / Or we turn and ride / So don’t blame us when we turn to the dirt, we tried/ I just pray we fly”

Nuair a thosaíonn daoine á lorg daoine nach bhfuil ag iarraidh a bheith ‘woke’ go leor in a gcomhluadar, rud átá ag éirí níos coitianta sa ‘Call-Out Culture’ atá le feicéail sa lá atá inniu ann, is minic nach fágann daoine aon spás chun ceistiú  nó thuiscint cén fáth nach bhfuil na daoine seo chomh ‘woke’ leo agus geartar iad ó chómhrá go minic gan fiú ag baint triail as miniú leo céard a bhí cearr leis na dtuairmí go raibh acu.

Imríonn aicme ról mór i ngach gné don saol agus is léir, mar a luann Stormzy thuas, go gcaithfidh sé a bheith mar chuid den comhrá anseo, ach táimid chun é a fhágáil ar taobh amháin chun léiriú cad a dtarlaíonn nuair a ghearann tú amach diospóireacht i ghrúpaí imeallaithe agus nach ardaíonn tú na guthanna do na daoine is imeallaithe sa chomhluadar.

I focal amháin, is í an uaisliú do polaitíocht na féiniúlachta agus an trasnachas atá tú fágtha le. Feictear í ró-mhinic anois, mar le na meáin sósialta, tá an deis (go teoiriciúil) ag chuile duine ardán a bheith acu, ach in ionad na daoine is imeallaithe a hardú, is minic go gcuireann na daoine le chumhacht sa gcomhluadar ina thost iad, agus in a háit, ardaíonn siad na daoine atá is lú imeallaithe chun iomhá phríomhshrutha a chuir ar an gcomhluadar, nó níos measa fós, leanann siad ar aghaidh ag léiriú an comhluadar sa bealach is a mbíonn na hinstitúidí príomhshrutha á dhéanamh é, ag atreisiú an íomhá síud le blianta le teacht.

An dara cheist go raibh le freagrú againn, faoin ról atá le himirt ag aicme i diospóireacht trasnach, atá an topaic do caibidil i leabhar Darren McGarvey: Poverty Safari. Táim chun cúpla do na pointí do a tráchtas a léiriú, agus mo smaointe fhéin orthu freisin.

Úsaideann McGarvey sliocht ó scríobhnóireacht Henry Bell i Bella Caledonia chun an caibidil a oscailt, ina bhfuil an argóint déanta ag Bell ná nuair a gcuireann daoine streachailt aicmeach thar aon cos ar bolg atá curtha ar daoine eile, ní athraíonn na struchtúir do chumhacht ar daoine imeallaithe, fiú sa gluaiseacht í féin.

Dar leis, fiú muna bhfuil polaitíocht na féiniúlachta foirfe, tá sé níos fear ná an rogha eile: polatíocht an streachailt aicme an fichiú haois. Do go leor daoine, mé féin san áireamh, nuair a smaoineann siad faoin polatíocht don am siúd agus na fadhbanna leo, smaoineann siad ar an scannáin Pride ó 2014.

I measc go leor do na gníomhaithe ag tús an scannán, tá fadhbanna soiléir le feicéail le fuath ban agus homafóibe ar taobh amháin agus aicmeachas ar an taobh eile, ach nuair a thosnaíonn siad ag ceistiú na réamhthuairim atá acu faoina cheile, is feidir leo athrú na bealaí go bhfuil siad ag iompair le chéile.

Má fágann tú an lucht oibre amach as trasnachas nó ghrúpaí imeallaithe eile amach as an díospóireacht ar aicme, scarann thú ghrúpaí atá cheana féin leochailleach. Níl an rogha, mar a luann Bell, idir dhá bealach scriosach amháin, mar is feidir le daoine polatíocht nua a chruthú, a bhaineann triail as a bheith oscailte do gach taithí don saol.

Luann McGarvey feiniméan míchompordach nach labhraíonn mórán gníomhaithe ar an eite chlé ansin: idirdhealú trasnach. Is rud é go bhfuil feicthe ag go leor daoine ina gcuid gcomhluadar i dtreo comhluadar eile, ach do mórán daoine tá sé ró-gheis le phlé. Is teorainn ol-mhór seo do aon pholaitíocht nua ionchuimsitheach agus ní fhéadfadh le daoine sóchaí ionchuimsitheach a cruthú gan é a choiméad i gcuimhne.

Fiú nuair a luann daoine an fadhb do idirdhealú trasnach, níl sé chun miniú le gcomhluadar eile na fadhbanna atá ann leis an bealach atá siad ag déileáil leis an gcomhluadar, tá sé chun iad a ‘glaoigh amach’, rud nach bhfuil ag déanamh aon maitheas d’éinne. I bhfírinne, déanann sé díchumhachtú ar daoine atá imeallaithe agus leochaileach le tosnú, agus in ionad iad a spreagadh chun athrú, is minic go cuireadh iad ina thost.

Chríochnaíonn McGarvey an caibidil leis an bpríomhchúis go caithfidh aicme ról cothrom a imirt le trasnachas: an bealach go bhfuil comhlachtaí ag úsáid í. Sa lá atá inniu ann, tá sé fíor go bhfeictear níos mó daoine imeallaithe ar an ardán póiblí. Ach ní minic gur duine den lucht oibre iad.

Faoin ainm do éagsúlacht agus ionchuimsitheacht, tá comhlachtaí ag ardú daoine meánaicme go postanna nach raibh ag daoine imeallaithe roimhe, gan a rá cinnte, go bhfuil na postanna seo fós ag dul go daoine meánaicme.

Le sin tá siad ag úsáid an polaitíocht céanna a deireann go bhfuil caipitleachas an táirgeoir don cos ar bolg atá curtha ar daoine imeallaithe chun léiriú go bhfuil siad ábalta idridhealú a sharú. Mar a deireann McGarvey:

“Class issues are concealed behind a progressive veneer as identity politics becomes another vehicle for the socially mobile to dominate every aspect of public life. […] Leaders on the left must work harder, not only to broaden the discussion and allow for diversity of opinion, but also to reconcile intersectionality with class politics in order that they work in tandem. Both must have equal billing going forward or they will become exclusionary.”

Ag leanúint ar aigheadh ón pointe deirenach sin, go caithfidh aicme ról cothrom a imirt le trasnachas in aon polatíocht nua atá ag iarraidh na fadhbanna atá romhainn a shárú, tá an chéad ceist ná conas a léithéadsa a dhéanamh? Is feidir an freagra a chúrdú inár stair fhéin, le dlúthphartaíocht.

D’imir agus imríonn dlúthphartaíocht ról olmhór i poblachtachas, agus tá samplaí le féicéail ar fud na Sé Contae, i mBéal Féirste ar an Balla Idirnáisúinta agus i nDoire ar dtíthe Thaobh an Phortaigh nó ar na sráideanna d’ár caibidil, ós comhair ambasaidí nó foirgnimh rialtais, agus fiú ar line.

Níl an monaplacht ar dlúthphartaíocht ag poblachtachas, cinnte, ach thugann an bealach go raibh sé úsáidte acu sampla maith dúinn ar fad conas a bheith ionchuimsitheach. Bhí gníomhaithe poblachtach ag dul timpeall an domhan ar fad i rith na Trioblóidí, ag bailiú airgead, airm agus traenáil ó daoine agus ghrúpaí go raibh báúil dóibh agus ag foghlaim ó na daoine eile go raibh tar éis teacht róibh, rud atá luaithe sa clár fáisnéise Bobby Sands: 66 Days i mbealach suimiúil.

Cad, mar sin, atá le foghlaim ag trasnachas ón dlúthphartaíocht? Le tosnú, ba choir gach cuid don phribhléid, tionchair agus cumhacht atá agat chun cabhrú le ghrúpaí agus daoine imeallaithe eile, ag cóiméad i gcuimhne nach do ról é an domhan ar fad a deisiú thú féin agus mar sin aire a thabhairt duit féin agus do chomhluadar.

Sa bhreis, ceacht eile gur feidir foghlaim ón dlúthphartaíocht go bhfuil níos mó ná bealach amháin chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt go grúpaí eile. Is feidir cupán tae a cheanacht do daoine ar stailc nó fiú téacs a sheoladh go daoine atá faoi ionsaí ar line chun cuir i cuimhne ar daoine go bhfuil comhghuaillithe acu.

Chomh maith le sin, is feidir d’eolas agus do thuiscint do nósanna agus téarmaíocht ghrúpa eile a úsáid chun miniú le daoine eile conas ab chóir leabhair le agus faoi an ghrúpa sin. Bíonn teanga agus téarmaíocht tábhachtach do go leor daoine agus mar sin nuair atá an deis againn iad a scapadh go níos mó daoine, beidh an deis ag daoine mothú níos compóirdí le chéile.

Ba chóir cóiméad i gcuimhne ar a laghad go bhfuil difríocht idir daoine nach dtuigeann na fadhbanna go mbíonn ag ghrúpa imeallaithe agus na daoine gur cuma leo fúthu. Ba chóir cothromaíocht a chúrdú idir ag tabhair deis go chách foghlaim faoi gnéithe difriúla don saol agus ag caitheamh amú ama le daoine gan aon suim athrú.

Le sin, caithfidh tú déanamh cinnte go bhfuil tú ag choiméad tú féin oscailte go tuaraimí agus gnéithe den saol nua freisin. Ag deireadh an lae, ní mórán atá i gceist, fiú nuair a mothaíonn sé deacair ceistiú an bealach atá tú tar éis a bheith ag iompair le tamaill, mar is í an rud is tabhachtachaí ná seans a thabhairt le daoine agus duit féin a bheith an duine is fearr gur feidir.

Cian Ó hÉidín

Image Credit: