Tá draíocht ‘The Beatles’ fós beo!

Naoise Darby

Caoga bliain ó shin, tháinig an albam ‘Abbey Road’ amach, bhí an ghrúpa seo i ngach áit timpeall an domhain.

I 2019, tá an ceol seo fós beo agus is dócha go bhfuil déagóirí nua ag iarraidh an grúpa a fheiceáil sa 3Arena. Ach cén fáth?

Tá sé soiléir go bhfuil rud éigin an-speisialta faoi liricí Paul McCartney agus John Lennon. Mar shampla, féach ar an amhrán ‘Let It Be’, tháinig an t-amhrán seo tar éis brionglóid a bhí ag Paul. Bhí sé traochta agus bhí gach rud ina shaol i bpraiseach. Bhí a mham le feiceáil sa bhrionglóid ag iarraidh cabhrú lena mhac. Fuair a mham bás cúpla bliain roimhe sin, tháinig na focail iontach san amhrán ón mbrionglóid seo.

Tá an t-amhrán ‘Yesterday’ gleoite. Guth amháin atá le cloisteáil, guth ciúin is bog. Tá pian an-soiléir i nguth Paul, fear ón Learpholl atá cosúil linn. Bhí go leor daoine i ngrá leis an gceol iontach seo sa 60idí agus sa 70idí, bhí go leor cailíní cinnte! Ba iad grúpa popcheol ach bhí rud éigin sa bhreis acu, bhí siad difriúil. 

Níor lean siad aon rialacha. Féach ar an obair a rinne an ghrúpa ‘Queen’ sa 70idí, bhí siad cosúil le ‘The Beatles’ mar d’athraigh na grúpaí seo an gceol a bhí ar an raidió ag an am. Rinne an ghrúpa iontach seo,‘The Beatles’ rud éigin réabhlóideach. 

Ach tá neart ceol ar Spotify inniu, amhránaí cosúil le Post Malone agus Billie Eilish. D’fhéadfadh gurb iad na ceoltóirí nua seo na chéad ‘The Beatles’ eile ach tá paistí, déagóirí agus sean daoine fós ag iarriadh na liricí seo a chloistéail. Tá níos mó ná fiche milliún síntiúsóirí ar Spotify ag éisteacht sa bhaile nó lena chairde le ‘Hey Jude’ agus ‘Yellow Submarine’. An-suimiúil toisc gur tháinig an chead albam ‘Please Please Me’ amach I 1963 agus tá daoine fós ag éisteacht le ‘Love Me Do’ agus ‘Twist and Shout’. 

Ní fhéadfadh sé bheith níos simplí,  bhí bua an cheoil acu. Ni raibh ach cúpla uirlis acu agus bhí na huirlisí seo acústacha den cuid is mó. Inniu, is féidir aon fuam a chruthú de bharr an teicneolaíocht nua-aimseartha. I gcás ‘The Beatles’ bhí an fuam ceanna ar an gceirnín vinile agus sa choirm cheoil.

Fuair John Lennon bás beagnach daichead bliain ó shin. Tá George Harrison marbh ocht déag bliain chomh maith. Rinne an ghrúpa, trí déag albam agus bhí ‘Abbey Road’ an albam réamhdheiridh Bhí na hamhráin, ‘Something’ agus ‘Come Together’ ar an albam seo. Tá na hamhráin lán le hornáidíocht agus bíonn teachtaireacht láidir ina lárphointe. 

Tá popcheol ar ais sna cairteacha i 2019. Tá amhránaí cosúil le Lizzo thar cionn ach tá rud éigin eile ag ‘The Beatles’. Tá na hamhráin athasach, brónach, machnamhach agus millteanach. 

Naoise Darby

Image Credit: Wikimedia