Lig do scíth, le do thoil!

Naoise Darby

Cúpla nód chun suaimhneas intinne a fháil, bain sult.

1. Léitheoireacht: Cúpla seachtain ó shin, léigh mé an úrscéal ‘Wuthering Heights’ ón t-údar Emily Brontë. Cruthaíonn an t-údar atmaisféar iontach le scríbhneoireacht thuairisciúil. A thiarcais, bhí sé scanrúil. Rinne mé dearmad ar mo chuid fadhbanna ar feadh cúpla uair an chloig. 

2. Ceol: Bigí ag éisteacht le ceol timpeallach, tá suim agam i ngach gné den cheol clasaiceach.  Tá Wolfgang Amadeus Mozart dochreidte, is cumadóir bisiúil é. Tá an píosa is fearr, i mo thuairim féin an píosa neamhchríochnaithe d’arbh ainm ‘Requiem in D Minor, K.626: Lacrimosa: Larghetto’. Bhí Mozart ina ghinias agus é ina bhuachaill. 

3. Féach ar scannán: Is aoibhinn liom beagnach gach uille scannán grinn rómánsúil mar shampla ‘The Princess Diaries’agus ‘Love Actually’.  Is fuath liom scannán fuilteach mar go hiondúil bíonn siad lán de charachtair mhaide. Ach tá eisceachtaí , is ea ’The Godfather’ ceann de na scannáin ab fhearr riamh. 

4. Céard faoi siúlóid?: Tá an tsiúlóid go hiontach mura mbeadh ann ach imeacht as an teach. Tá go leor roghanna agat, an trá, an pháirc, béidir na sléibhte? Tá siúlóid in ann cabhrú le na ionoirfin sa choirp. Beir leat do sheaicéad báistí agus do hata i gcás drochaimsire. 

5. Folcadán te: Tá sé seo iontach tar éis staidéar nó do shiúlóid. Tá salann folctha iontach ar fad agus suaimhneasach. Tá sobal folctha dochloíte agus tar éis an folcadán níl aon údar imní ann. Tá táirgí ‘Lush’ dochreidte agus bíonn boladh breá sa seomra folctha. 

6. Machnamh: Thosaigh mé ag déanamh roinnt teicnící machnaimh cúpla bliain ó shin. Éistim le Mark Williams, ‘Guided Body Scan Meditation’ agus ‘Breathing Space Meditation’. Déanfaidh machnamh tú a bheochan gan amhras ar bith. Tá go leor scannáin teagaisc ar YouTube chun cuidigh leat. 

7. Cóireáil spá: Tá a fhios agam go bhfuil sé costasach ach bheadh sé oiriúnach le haghaidh ócáid speisialta. Is bronntanas iontach é le haghaidh breithlá, is féidir leid a thabhairt os comhair do mháthair. 

Tá sláinte mheabhrach an-tábhachtach, tabhair aire duit féin i gcónaí. Tá intinn fholláin i gcorp folláin riachtanach. 

Naoise Darby 

Image Credit: Pixabay