Sos Cathrach: Liospóin

Beth Molloy

An bhfuil tú ag smaoineamh ar shos gheimhridh? Cad ina thaobh nach Liospóin? Is cathair álainn í caipiteal na Portaingéile. Tá draíocht ag baint leis an gcathair agus is uaidh atá an radharc is fearr a d’fhéadfá a shamhlú. Tá neart le déanamh i Liospóin!

Tá cupla díolachán ar siuil anois ar eitilí agus tá margadh maith le fáil ar eitilí ach suíochán a chur in áirithe go luath. Chomh maith leis sin tá cupla ár asán ar phraghas réasúnta ar Airbnb.Tá ceann amhain suite go hidéalach agus níl sé ach €48 don oíche amhain. Tá sé sin an-saor amach is amach!

Tóg leat do bróga siúil, beidh tú ag déanamh a lán siúlóide! Is féidir siúl chuig gach ait sa cathair. Tá siopaí agus sráideanna atá lán le daoine i ngach áit agus is liosta le háiremah an méid seipéal atá sa chathair. Tá clú agas cáil ar mainistir Jerónimos, is suíomh oidhreachta domhanda é. B’fhiú go mór triail a bhaint as an gceann seo. Is mór an lucht leanúna é Madonna agus theastaigh uaidh a mhainistir a cheannach! 

Tá cáil ar an gcathair as a bia. Is cathair chalafoirt í Liospóin agus tá an cathair lán le bialann bia mara. Tá réimse leathan áiteanna le hithe agus tabhair cuairt ar Time Out Market chun an chuid is fearr den chathair a fheiceáil.  Chomh maith leis sin tá aithne fhorleathan ar Liospóin as a chuid cácaí. Glaoitear orthu pastel de nata. Tá siad go-hiontach ar fad agus bíonn sé blasta ag aon am den lá, fiú don bhricfeasta! 

Ag an am gnóthach seo den bhliain tá an cathair ag ullmhú don Nollaig. Tá margadh ollmhór ar siúil i lar an gcathair. Tá clú air as an táirgí úra agus áitiúla agus is fiú é cuairt a thabhairt ar.

Tá alán músaeim i Liospóin freisin. Tá gach rud ó músaeim ealaíne go músaeim eolaíochta agus teicneolaíochta. Tá rud éigin ann do gach duine. Seoid amach is amach é Liospóin. Sin rud eile ba mhaith liom a dhéanamh sula bhfaighidh mé bás.

Beth Molloy