Léirmheas leabhair: The Places I’ve Cried in Public

Is é The Places I’ve Cried in Public le Holly Bourne leabhar d’aoisaigh óga. Is í Amelie an príomhcharactar sa scéal seo. Is amhranaí is scríobhneoir í. Is duine cuthail í ach is aoibheann lei ag canadh agus ag seinm giotar freisin. Bhog sí go cathair nua agus ní raibh aon cairde aici. D’fhág sí a cairde agus a scoil sa Sheffield. Bhuel sí le buachaill fíorspéisiúil darb ainm Reese agus d’athraigh gach rud. Chan Amelie ar seó tallainne sa coláiste agus bhí Reese faoi gheasa aici. Príomh an scéal a thosaionn, scar sí lena buachaill, Reese, agus tá cailín nua aige. Bhí Amelie trína chéile nuair a thosaíonn an scéal mar bhí sí i ngrá le Reese. Cheap si go raibh an caidreamh foirfe agus chuir sí an milléan uirthi. Ach b’fheidir go raibh leor lochtanna ar Reese. D’éirigh an caidreamh níos nimhní. Ní raibh a tuismitheoirí i bhfách leis an gcumann. Thug sí cuairt ar áiteanna sa cathair agus smaoinigh sí faoi an caidreamh, agus thug sé cuimhní ar ais.

Léimeann an leabhar siar go dtí cúpla seachtain ó shín nuair a bhí sí ina caidreamh le Reese. Ina dhiaidh sin d’aithin sí go raibh a lán fadhbanna ann. Scrúdaigh sí a scéal faoi dearcadh nua. Tugann an leabhar léargas úr ar caidrimh. Tá sé corraitheach agus deacair a leámh ó am go ham. Tá trua ar an léitheoir do Amelie mar tá sí i cúrsaí uafásach. Is leabhar tábhachtach é, go háirithe do chailíní. D’oibrigh Holly Bourne mar comhairleoir caidrimh ar carthanas mearbhsláinte na daoine óga, mar sin tá sí inchreidte.

Is scríobhneoir iontach í Holly Bourne mar tuigeann sí daoine óga. Tuigeann sí indirítheacht freisin. Scríobhann sí faoi topaicí suntasach mar shampla feimineachas, sláinte intinne, grá agus cairdeas. Pléann The Places I’ve Cried in Public an tabhacht atá le cuimhní, cuimhní maithe agus cuimhní droch. Is scríobhneoir sárdhíola í Holly Bourne; tá leabhair d’aoisigh óga aoibhinn aici mar shampla Am I Normal Yet?, It Only Happens in the Movies agus The Manifesto on How to Be Interesting. Tá amháin leabhair do dhaoine fásta aici, How Do You Like Me Now?

Courtney Fitzmaurice

Image Credit: The Reading List