Teacht chun cinn saol ‘Instagram’

Naoise Darby

Bíonn gach duine i gcónaí buartha faoi tuairimí daoine eile, béidir strainséirí, do chairde nó troll ar an idirlíon. Is cuma cén casadh a chuireann tú ar an scéal, tá deinmhniú á lorg ag daoine. Tá bulaíocht ar na suíomhanna meáin shóisialta ach ní féidir i ndáiríre na meáin shóisialta a rialú, dar leo.

San alt seo beidh an príomhchúram ar an nimhneach agus na neamhréalaíoch caighdeáin áilleacht. Tá sé fíorbhrónach go deo go bhfuil cailíní ag iarriadh máinliacht phlaisteach a fháil mar tá na daoine cáiliúila ag athrú rudaí chun cuma níos deise a chuir orthu féin. Is bréag fhollasach é seo agus is sciúrsáil é ar an sláinte mheabhrach agus an féinmhuinín do chailíní timpeall an domhain. 

Baineann na gnáthdhaoine úsáid as ‘Facetune’ agus rudaí eile cosúil le rige soilsithe agus smideadh proifisiúnta chun pictiúr amháin a fháil. Tá an cuspóir ag ‘Instagramers’ chun saol iontach, galánta agus foirfe a chuir chun cinn.  Is fearr an fhantaisíocht ná déine an tsaoil agus tá na daoine seo saineolaithe sa réimse ‘Instagram’. 

Tá sláinte mheabhrach na n-ógánach an-tábhachtach agus tá siad ag féachaint ar na pictiúir dochtúireachta seo béidir caoga uair sa lae agus tá damáiste déanta le gach ‘like’ nó cliceáil.

Tá an domhan faoi bhrú chun saol foirfe a fháil. Béidir tá an aisling seo gruaig faiseanta, craiceann glan, nó an corp foirge. Tá neart airgid ag na ‘Instagramers’ mar gheall ar urraíocht ó chomhlachtaí móra.  Tá sé seafóideach nuair a bhíonn siad ag chuir léirmheasanna lóis choirp abhacáid suas ar’Instagram’ ach tá siad ag seasamh ar foinse mhór millteanach. 

Ach tá sé seo mí-ionraic agus tá daoine ag iarraidh féachaint cosúil le na ‘Mainicíní Instagram’ mar tá tóir acu. Tá an smaoineamh seo dainséarach do dhaoine óige, tá clisteacht agus cineáltas i bhfad níos tabhachtaí. Ach ar an drochuair tá aonchineálacht níos fearr de réir an sochaí. 

Tá freagracht an bhfadhb seo ar na suíomhanna difriúla. Tá sé scannalach an méid brabúis a dhéanann siad. Céard faoi na bpáistí? Is furasta rud a chur ina luí ar leanaí. Tá rud éigin cearr, nach bhfuil? Tá sonas agus grá áille na háille. Níl máinliacht chosmaideach an réiteach, tá an áilleacht seo gasta. 

Tá leitheadas beagmhaitheasach agus gruama. Níl na pictiúir seo réadúil nó ionraic. Is scairteadh atá ann, tá na ‘Instagramers’ íospartaigh chomh maith. Is dócha go bhfuil an brú chun saol foirfe a chuir chun cinn tuirsiúil dóibh. 

Féach ar ‘Snapchat’ chomh maith, tá daoine ag iarraidh saol iontach a chruthú, ach cén fáth? Níl aon duine ar an bpláinéad seo gan locht. Tá an amhránaí Sam Smith dochreidte. Tá siad barántúil agus tá pearsantacht ag baint leo. Tá daoine cosúil leo fíor tábhachtach agus cuireann siad daoine ar a suaimhneas. Bhí go leor daoine óige an bródúil agus iad ag teacht amach. 

Tá baint mhór ag an éad leis an ngnó seo agus tá go leor bulaíocht ar na suíomhanna difriúil freisin. Bíonn daoine uafásach ar an idirlíon, bíonn siad ag tabhairt ainmneacha ar a chéile. Tá éad i ngach áit ach caithfidh na cailiní agus na buachaillí na bulaithe a bhac. 

Naoise Darby

Image Credit: SelfiePexels