Andúil i ndrugaí agus daoine óige in Éirinn inniu

Naoise Darby

Ní gá dom a chur i gcuimhne duit go bhfuil go leor contúirtí ag baint le drugaí, is féidir leat a rá mar freagairt go bhfuil dainséar ag baint le rudaí eile, béidir bia gasta, seacláid agus cearrbhachas? Tá siad seo díobhálach má baineann daoine úsáid as iad i méid mór. Ach i gcás drugaí tá caitheamh amháin fíor dainséarach agus uaireanta tá toradh marfach ag baint le úsáid aon uaire ag cóisir nó ag féile cheoil. 

San alt seo beidh mé ag caint faoin úsáid in aoisghrúpa amháin, daoine óige. Tá an fadhb le feiceáil i go leor aoisghrúpaí sa tír seo agus tá sé neamhshrianta. Níl aon cúlra socheacnamaíoch sábháilte, tá an smaoineamh seo bréagach agus mífhreagrach. Tá an fadhb seo rábhach, ag fánacht le haghaidh seans amháin chun léim ar dhuine éigin. 

Tá brú piarghrúpa ag baint leis an scéal i gcás daoine óige, tá an téarma seo luaithe i gcónaí ach tá sé gné macánta san eipidéim seo agus is eipidéim é. Tá an tír seo ag cur thar maoil le drugaí. 

Tá an glacadh atá ag go leor daoine faoin deacracht beagnach níos measa ná na drugaí iad féin. Tá siad umhal agus tá comhréireacht níos tábhachhtaí dóibh ná sláinte nó na hiarmhairtí do-aisiompaithe atá bainteach le na substaintí seo. Is féidir le mí-úsáid substaintí dochar uafásach a dhéanamh ar do shláinte fisiciúil agus meabhrach . 

Tá úsáid mhídhleathach drugaí ag dul le fána, tá smaoineamh móréilimh go bhfuil rudaí mar cannabas ceart go leor, tá seo seo amaideach, cén fáth mar sin go bhfuil daoine ag dul go dtí athshlánú le hadghaidh cannabas? Tá an dáileog i bhfad níos cumhachtach ná mar a bhí sé fiche bliain ó shin.  Ach tá tóir an druga seo ag dul i méid an t-am ar fad. 

Tá mangaireacht drugaí chúlsráide rud atá imithe in éag, tá soláthar flúirseach ar na suíomhanna meáin shóisialta. Tá na daoine óige seo diongbháilte go bhfuil drugaí riachtanach chun oíche ar dóigh a bheith acu. Tá siad ar nós cuma liom faoi dhrugaí. 

Tá creideamh go bhfuil úsáid ó am go chéile ceart go leor agus nach bhfuil aon comparáid le duine atá úsáideoir seasta nó daoine atá atá ag tuisligh tríd na sráideanna agus ag brath ar hearóin. Tá sé seo bréag millteanach agus meon ardnósach. Bíonn an smaoineamh go bhfuil drugaí galántacht gan stró ag chuir samhlaigh tharraingteach ar mhí-úsáid drugaí. 

Tá sé beagán aisteach go bhfuil daoine buartha faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar na daoine bochta ar domhan nuair a bhíonn na daoine atá ag ceannach drugaí ceann do na cúiseanna go bhfuil daoine bochta i go leor cásanna faoi bhrú chun seasamh mar iompróir drugaí. 

Tá cócaon thar a bheith coitianta, go hiondúil bhí an druga seo dírithe ar daoine uasaicmeach ach níl an smaoineamh seo le feiceáil anois, tá sé i ngach áit i ngach aois grúpa. Tá mí-úsáid drugaí líonmhar comh maith i ndaoine proifisiúnta agus léannta. Tá an fadhb seo dosmachtaithe. 

Naoise Darby 

Image Credit: DrugsPxfuel(rgb)