Cúpla nod chun uirlis a fhoghlaim!

Naoise Darby

Is bliain nua é agus caithfimid an seans seo a húsáid le haghaidh rud fiúntach agus taitneamhach, ceard faoi uirlis nua a fhoghlaim? 

  • Ná bí scanraithe: Tá a fhios agam go bhfuil an moladh seo tiomantas mór agus beagán coscrach ach níl luas docht ag an caitheamh aimsire seo ar chor ar bith. Tá sé rud iontach chun  uirlis a thosú agus níl aon brú ort chun a bheith cosúil le André Rieu i cúpla seactaine. 
  • Bain sult as: Is turas a bhainfeadh an dallamullóg díot gan amhras ar bith. Féach ar an uirlis   gleoite, an fidil. Tá draíocht na fidle dochreidte, is dócha go bhfuil mé ábhairín beag claonta mar seinm an uirlis seo. Bhí mé millteanach nuair a thosaigh mé ach cleachtadh a dhéanann máistreacht. 
  • Éist and Éist arís: Caithfidh mé an eolas seo a roinnt, tá go leor deis agat chun éisteacht le cheoil. Éistim le réimse leathan ceoil mar tá rud éigin difriúil ag gach uile stíl, rudaí a dheanfaidh tionchar ar do chuid feabhsuithe san uirlis agus ar do stíl féin. 
  • Is rud sásúil é: Beidh do chlann agus do chairde thar a bheith bródúil agus tú ag cleachtadh d’uirlis roghnaithe, b’fhéidir go bhfuil ceolchoirm ar na bacáin! Creid uaimse é go bhfuil sé seo scanraitheach ach tá an mothúchán tar éis an léiriú gan sarú. 
  • Cairde nua?: Tá cuid mhór daoine dúghafa le cheoil Gaelach, beidh an chraobh áitiúil den Chomhaltas in ann cabhrú le do chuid cleachtadh agus is féidir leat cairde nua a dhéanamh ag an am céanna. Tá go leor comórtas sna Fleadh éagsúil timpeall na tír, taitníonn sé go mór le gach duine. Bíonn bús iontach sa Fleadh, daoine ag caint faoi na huirlisí difriúil agus iad ag cleachtadh amuigh faoin spéir. Ach tá roinnt iomaíochas freisin, d’fhéadfadh an teannas atá eatarthu pléascadh aon uair. 

Níl an caitheamh aimsire seo éasca nó gan strus, ach caithfidh tú dírigh isteach ar an uirlis atá roghnaithe agat chun na sochair a bhreith leat. Ní bac í an aois ar rudaí a bhaint amach go háirithe   sa cheol. 

Naoise Darby

Image Credit: HarpAndFiddleRawPixel(RGB)