Is breá liom eití sicín, is breá leat eití sicín

Beth Molloy

Níl aon rud chomh maith le babhla eití sicín agus níl aon rud chomh maith le an bialann WingIt. Chuaigh mé go dtí a mbialann ar Stuara Shráid Sheoirse cúpla seachtain ó shin agus bhí uisce ag teacht ó mo chuid fiacla nuair a chonaic mé an biachlár. 

Bhí mé ar bís faoin mbiachlár. Tá sé lán de bia iontach. Tá réimse leathan blasanna ann. Tairgeann siad eití sicín gan chnámha agus eití sicín veigeánach. Roghnaigh mé na eití sicín buabhall agus b’iontach an radharc é nuair a thainig siad amach. Tháinig siad leis dip cáis ghorm agus bhí sé an blasta. Tá go leor roghanna eile sa biachlár cosúil le eití sicín satae agus eití sicín tequila agus líoma. Chomh maith leis sin tá athlíonadh saor in aisce ar fáil.

Má tá tú ag lorg rud éigin difriúl, na bí buartha, tá go leor roghanna eile ann. Tá burgair agus burgair sicín bláthach ar fáil. Comh maith leis sin tá a lán mias tíonlacain den scoth ar fáil. Is é Ultimate Fries an mias tíonlacain is fearr liom. Is carnán sceallóga é agus tá sé lan le uachtar géar, bagún, cáis agus ainniún erraigh. Radharc dochreidte a bhí ann nuair a thainig an babhla amach.

Tá an dearadh taobh istigh úr agus comhaimseartha agus tá an suíocháin compordach freisin. Is áit iontach é chun a bheith ag caint agus ag comhrá le cairde agus ag an am cheanna taitneamh a bhaint as an bia den scoth! Mar sin féin, nuair a bhí mé agus mo chara ann, ní ndearna muid alán caint mar bhí ár mbéal lán de bhia! Féadfaidh tú bord a chur in áirithe roimh ré.

Margadh maith atá ann ar an airgead sin. D’ordaigh mé méid an céad chúrsa babhla eití sicín agus bhí mé lán go béal. Creidim gur iontach an margadh é. Cosnaíonn an méid seo €7.95 agus cosnaíonn an cuid níos mó €14.50. Cosnaíonn na creathán bainne €4.50. 

Tá bialanna ag WingIt in Tamhlacht agus tá ceann nua ag oscailt in Dun Laoghaire go luath. Má tá grá agat don eití sicín, b’fhiú go mór triail a bhaint as an gceann seo. 

Beth Molloy