An tóir agus tábhacht atá bainteach le sobaldrámaí

Naoise Darby

Is aoibhinn liom sobaldrámaí, gach oíche ag a seacht a chlog bíonn cupán tae agus cúpla brioscaí reidh agam ag fánacht le haghaidh ceol aitheantais ‘Emmerdale’. Tá siad dochreidte agus thar fóir, pléasach agus uaireanta coscrach. 

Nuair a bhí sobaldrámaí thar a bheith móréilimh sna hochtóidí agus na nóchaidí bhí na figiúirí féachanna le haghaidh ‘Eastenders’ timpeall fiche milliún nuair a bhí eagrán tábhachtach ar an teilifís. Bhí an pósadh mí-ámharach idir Mel and Ian i 1999 ar scáileán mór cosúil le cluiche peile, ní raibh daoine ag iarriadh é a chaill!

Ach dáiríre píre, tá siad an údarásach, nuair a bhíonn daoine ag rá go bhfuil éagsúlacht ar iarraidh i na scannán mór i gcás eitneacht, reiligiún nó gnéasacht níl sé seo le feiceáil sna sobaldrámaí. Tá gach eile duine le feiceáil ar an scáileán go háirithe i ‘Eastenders’. Tá siad ríthábhachtach i gcás tuiscintí daoine a athrú. Bhí snáithe scéil faoin siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF) go hiontach mar bhí siad in ann léiriú do dhaoine go raibh an aicíd ag go leor daoine agus go raibh a lán mífhaisnéis agus ainbhios timpeall na háite. Bhí grá mór ag daoine do Mark Fowler.  

I mo thuairim féin tá an eipeasóid Nollag ná cionn is fearr gan aon dabht, bíonn siad i gcónaí lán le   dráma agus le cúpla nóiméad go dtí an deireadh, tá casadh sa scéal. Bíonn do chroí ag preabadh i do chliabh go háirithe nuair a bhíonn gunna ar an radharc. 

Tá siad fós fíor móreilimh, bíonn na sobaldrámaí ag treochtáil ar Twitter go minic. Tá an caighdeán aisteoireacht agus scríbhneoireacht scéalta an-ard. Tá an fócas i gcónaí ar rudaí práinneach i gceantar lucht oibre. Tá daoine in ann iad féin a fheiceáil sna charachtair agus tá sé seo cúis an dílseacht atá acu ar na sobaldrámaí difriúil. 

Féach ar ‘Coronation Street’ tá an dráma seo fós beo tar éis seasca bliain, ach níl an chlár seo sáinnithe sna 60í, tá na hábhair ábhartha agus fíor. Le roinnt blianta anuas tá scéaltaí faoi sláinte mheabhrach, marbh-bhreith agus gáinneáil. Tá scil acu iad seo a léiriú i mbealach nach bhfuil éigeantach, is féidir le an lucht féachanna smaoineamh faoi na rudaí seo agus tugann siad an misneach dóibh chun labhairt amach. 

Tá sé seo tabhachtach agus an-cabhrach do dhaoine, níl go leor clár teilifís nó scannán in ann é seo a dhéanamh. Is compord iad na sobaldrámaí seo don lucht féachanna go mór mór seandaoine. 

Bíonn go leor daoine ag rá go bhfuil siad gruama agus nach bhfuil aon rud sona i rith na tríocha nóiméad ach níl an smaoineamh seo féaráilte, tá David Platt agus a mháthair bocht Gail cáiliúil agus níl tú in ann ach meangadh nuair a bhíonn siad ar an scáileán. Bíonn daoine in ann braith ar na sobaldrámaí seo, má bhíonn lá fada agus crua acu tá siad in ann smaoineamh faoi rud éigin eile ar feadh cúpla nóiméad.  Is bealach é le dearmad a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil agus ag an am céanna tá siad thar a bheith siamsúil. 

Naoise Darby

Image Credit: Wikimedia