Comhairle chun díthocsainiú ó na suíomhanna meáin shóisialta a dhéanamh

Naoise Darby

Glacann an cuid is mó do dhaoine an iomarca am ar ghutháin phóca, tá sé andúile dúinn go háirithe nuair a éiríonn daoine gafa le rudaí go han-éasca.  Uaireanta bíonn sé deacair do scíth a ligean tar éis teicneolaíocht a húsáid. Tá imní ort agus bíonn tú beagáinín cantalach chomh maith. Tá an teicneolaíocht ag dul i gcion ar gach gné den saol, i mbealach dearfach agus diúltach.  Béidir go bhfuil sos and scíth ag teastáil uait, tá cúpla nod thios má tá díthocainiú ag teastáil uait. 

Caithfidh tú dul san fhiontar: Tá sé aisteach nuair a bhíonn tú ag smaoineamh faoi an díthocsainiú a dhéanamh agus gach duine eile sáite leis an teicneolaíocht agus is cinneadh maith é. Tá an mothúchán ar fheabhas, níl ceangal ná cuing ort agus níl réamhfhógraí ag pingáil gach uile nóiméad gan teip. Déan cinnte rabhadh a thabhairt faoin bplean seo roimh ré ionas go bhfuil a fhios ag do chuid chairde. Bíonn imní ar dhaoine nuair a bhíonn a chairde tostach sa comhrá grúpa!

Bí cinnte plean gnímh a chur le chéile: Tá leadrán fadhb mór nuair a bhíonn tú as na meáin shóisialta, bíonn an am saor ait agus cuireann sé míshuaimhneas ar dhaoine agus mar gheall ar sin éirionn siad as an triail laistigh de cúpla uair an chloig. Caithfidh tú an constaic seo a thuar chun do rath a mhéadú, béidir gach uile uair go bhfuil an bearránach á mhothú, seas suas agus thosú rud éigin eile cosúil le aclaíocht nó báicéireacht. Caithfidh tú dearcadh dearfach a bheith agat, ní bheidh sé éasca agat ag an tús. 

Tá sé thar a bheith tábhachtach a rá nach bhfuil sé iomaíoacht nó rás in aon chor. Is cinneadh pearsanta é seo agus ná bí do do chéasadh féin faoi. Tá go leor daoine clúiteacha nach bhfuil ar na meáin shóisialta agus is féidir leo rudaí a dhéanamh agus labhairt le daoine. Féach ar Kristen Stewart and Keira Knightley, aisteoirí iontach gan aon Facebook, Instagram Twitter. 

Níl aon strus ort é a dhéanamh go deo ach béidir go mbeadh rud éigin dearfach agat tar éis an tréimhse, táimid an-tóghta leo ach cúpla bliain ó shin ní raibh an só seo againn. Smaoineamh faoi!

Naoise Darby 

Image Credit: MobilePhoneShuttershock(rgb)