Na Laethanta Saoire Gearra Is Fearr in Éirinn

Ní fada uainn anois an seachtain léitheoireachta agus b’fhéidir gur mhaith leat dul ar laethanta saoire ar feadh cúpla lá.

Anois an t-am is fearr chun pleananna a dhéanamh. Seo roinnt smaointe maidir le tréimhsí saoire in Éirinn.

Ba chóir duit dul ar cuairt ar Gaillimh. Is cathair spleodrach í agus tá an oiread sin le déanamh ann chun tú féin a choinneáil gnóthach. Tá an chathair mheánaoiseach lán de bhialanna agus tithe tábhairne iontacha. Más beadaí thú, beidh do rogha agat de na suíomhanna cócaireachta is fearr sa tír. Tá féilte iontacha ag an gcathair freisin. Is áit iontach í Gaillimh le cuairt a thabhairt uirthi le cairde nó le do pháirtí. 

Is áit eile é cathair Chorcaí. Tá go leor staire ag baint leis an gcathair. Tá siopaí agus bialanna iontacha ar bhruacha abhainn Laoi. Níl aon turas iomlán gan cuairt a thabhairt air An Margadh Sasanach. Tá draíocht ag baint leis an gcathair agus i rith an féile Snagcheoil, sin an t-am is fearr le dul ann. 

Tá Port Láirge ar cheann de na cathracha is sine in Éirinn. Chomh maith leis sin tá sé ar na bailte is deise in Éirinn. Tá bialanna iontacha ann agus tá an oiread sin le déanamh agus le feiceáil sa chathair. Tá músaem meánaoiseach iontach ann agus músaem Waterford Crystal den scoth ann fresin. 

Má tá rud éigin difriúil á lorg agat ná sos cathrach, is áit iontach é Conamara. Suite i lár na tuaithe agus in aice na farraige, is féidir leat éalú ó shaol na cathrach i gConamara. Tá go leor le déanamh san áit seo. Is áit iontach é le dul ag spaisteoireacht taobh amuigh san aer úr. 

An bhfuil fonn ort codladh faoi na réaltaí? Má tá a fhonn sin ort breathnú ar Finn Lough i bhFear Manach. Tá ballaí trédhearcacha ag a dtithe saoire. Is féidir a aithint air go bhfuil rud éigin difriúil faoi agus áit iontach is ea é le do scíth a ligean. 

Beth Molloy