Tá Love Island Críochnaithe – Cad Anois?

Sin é! Tá an chéad séasúr de Love Island an gheimhridh críochnaithe anois.

Bhuaigh Finn agus Paige an comórtas agus ár gcroí. Caithfimid fanacht go dtí an samhradh don chéad séasú eile sa samhradh. Cad a dhéanfaimid anois nach mbeidh sé ar siúl gach lá ag a naoi a chlog? Seo roinnt clár teilifíse a líonfaidh bearna Love Island i do shaol. 

Ar dtús, an chlár Love is Blind ar Netflix. Tá an chlár seo fiáin! Go bunúsach, titeann grúpa fear agus ban i ngrá gan a chéile a fheiceáil riamh. An chéad uair a fheiceann siad a chéile, tagann siad lámh is focal dá chéile. Tá dhúshlán roimh na iomaitheoirí agus déanfar mionscrúdú ar a gcaidreamh. Tá gach clár lán le drámaíocht agus grá. Beidh sé suimiúil chun a fheiceáil cé l a bheidh ag siúl chun na haltóra le cheile. Agus an gcónóidh siad go sona sásta go brách? 

Celebs Go Dating, sin chlár maith freisin! Nuair fhéachann tú ar an gclár seo beidh tú sna trithí gáire! Thosaigh an séasúr nua an 24 de mí na Feabhra. Tá foireann scothaisteoirí ag an séasúr nua. Tá réaltaí mar Amy Hart ó Love Island, Dean Gaffney ón Eastenders, Olivia Bentley ó Made In Chelsea agus Joshua Ritchie ar an chlár. Beidh sé suimiúil chun a fheiceáil má thiteann aon duine i ngrá. Beidh an chlár seo ar siúl ar Channel 4 gach Luain. 

Ansin, First Dates Hotel. Thosaigh an chlár seo i mí Mhean Fómhair ach tá sé fós ar fáil ar Channel 4 Catch Up. Tugann an seó seo deis do lánúineacha seiceáil isteach in óstán má bhíonn gach rud i gceart. Tá an óstán suite san Iodáil. 

Back with the Ex ar fáil ar Netlix. Is sraith seacht gcinn é agus rinneadh scannánú san Astráil. Leanann an seó ceithre iar-lánúin. Déanann siad cinneadh dul ar ais le chéile nó fanacht singil. Is féidir leat é seo a fheiceáil in aon suí amháin. Tá an chlár seo lan le drámaíocht agus mothúchán nádúrtha. 

Dating Around ar Netflix freisin. Tá an chlár seo andúileach agus tá ardmholadh tugtha ag na léirmheastóirí dó. Scaoileadh an chéad séasúr anuraidh agus thosaigh scannánaíochta ar an dara séasúr. Tiocfaidh sé amach níos déánaí i mbliana. Taispeánann sé lánúineacha ar coinne chéadaithne. Tá an seó fíor agus nádúrtha agus taispeánann sé daoine fíor. 

Ansin, 90 Day Fiancé. Leanann an seó seo daoine as gach cearn den domhan agus taistealíonn siad go Meiriceá ar víosa 90 lá. Is féidir leat féachaint air ar Hulu. Beir ar an gran rosta agus éirí compordach mar tá an chlár sin andúileach!

Tá súil agam go líonfaidh na moltaí seo an bearna Love Island i do shaol. Mar sin féin, ma tá tú ag iarraidh bheith sna scannáin tá Love Island agus Pulling With My Parents ag lorg don daoine dá séasúir nua! 

Beth Molloy