Léitheoireacht agus daoine óga

Tá beagnach gach daoine tógtha agus faoi draíocht ‘Netflix’, caithfidh mé a rá go bhfuil sé dochreidte agus millteanach. Tá rogha agat an t-am ar fad, níl leadrán bainteach leis an aireagán cliste seo ach béidir go bhfuil an rud seo míbhuntáiste don tionscal leabhar. Ní bhíonn go leor am saor ag déagóirí nó aosach óg, tá spriocanna beagnach gach uile lá agus tá siad fíor strusmhar. 

Mar gheall ar seo ní bhíonn an deis acu go leor leabhair a léamh, is rud brónach é seo, tá rudaí ar nós ‘Netflix’ níos insroichte dóibh, tá scannán ag fánacht leo ar a bhfón póca. Ach is féidir le léitheoireacht a bheith spreagúil agus sásúil. Spreagann na scéalta cosúil le ‘Game of Thones’‘Lord of the Rings’ an tsamhlaíocht. Is rud do-inste é chun scaoileadh le do shamhlaíocht, tá  cuimhní agamsa ag léamh ‘The Hunger Games’ bhí speabhraídí orm. 

Tá fadhb ar an domhain seo le caidreamh, níl an deacracht seo chun feabhsú nuair a bhíonn gach dhuine ag féachtaint ar rudaí trína scáileán.  Tá mothúchán muintearas i léitheoireacht, tá grúpaí ar na meáin shóisialta chun comhrá a dhéanamh le daoine leis an dearcadh céanna atá agat féin. 

Is féidir leat do stór focal a mhéadú le léitheoireacht, tá sé seo iontach agus rud atá ríthábhachtach do dhaoine óga agus aosta. Is tréith thar barr é chun focail a rá go soiléir agus tá balla focal saghas sárchumhacht! Níl a fhios agat go bhfuil na focail nua agat agus is féidir leat baint úsáid as iad i do scríbhneoireacht agus do chomhrá. 

Níl aon brú ort na seanleabhair a léamh, is féidir do chlár teilifíse is fearr a roghnú agus uaireanta bíonn leabhar scríofa faoin scéal nó na téama éagsúil ar a laghad. Mar shampla, ‘The Fault in Our Stars’, ‘The Maze Runner’ agus ‘The Princess Diaries’. Is féidir leat an leabhar a léamh agus i ndiaidh sin an scannán a fheiceáil.  Beidh buntáistí an dá thrá agat. 

Is seans é chun do scíth a ligean, níl daoine in ann smaoineamh faoi na fadhbanna difriúil ina n-intinn nuair a bhíonn siad ag léamh. Tá sláinte mheabhrach na n-ógánach an tráthúil, tá sé fíorthábhachtach. Is féidir leo dearmad a dhéanamh ar na suíomhanna meáin shóisialta agus ná teachtaireachtaí ó gach aon duine agus anáil a tharraingt ar feadh cúpla nóiméad. 

Is féidir leat do chumas léitheoireachta a fheabhsú ag aois ar bith, is féidir leat uaireanta an chloig á léamh ach ní bhíonn aon ciontacht ag baint le seo, is rud táirgiúil é. Goilleann sé orm go bhfuil ag laghdú ar an léitheoireacht ach is féidir rud éigin a dhéanamh faoi seo. Ní bhíonn samhlaíocht tábhachtach dúinn tar éis aois sraith ach tá sé seo seafóideach agus caifeach.  

Tá sé rud speisialta nuair a bhíonn tú dúghafa le scéal agus na carachtair, tá sé gleoite nuair a bhíonn tú ag léamh faoi sholas fann an lampa i lár na hoíche. Níl na maisíochtaí atá sa scannáin ag teastáil uait, tá cúpla focal ar leathanach lán le spleodar agus croí dóthain. 

Naoise Darby 

Image Credit: YoungPeoplePxHere (RGB)