Na Gairdíní Beorach is fearr i mBaile Átha Cliath

Tá samhradh le teacht. Beidh ne laethanta ag dul níos faide agus tá súil againn go mbeidh na laethanta níos teo freisin. Nuair a chríochnaíonn tú an coláiste sa tráthnóna nó  nuair a chríochnaíonn tú an obair ar an Satharn beidh tú in ann dul amach agus taitneamsh a bhaint as tráthnóna te samhraidh le cairde. Cén bealach is fearr chun é a chaitheamh ná i ngairdín beorach! Tá neary le roghnú ag an gcathair. Seo roinnt áiteanna ar mhaith liom iad a roinnt libh. 

Ag barr an liosta na Toners. Suite ar Sráid Bhagóid, i gcroílár na cathrach, tá sé éasca teacht air. Thug daoine cáiliúil cosúil le Mark Wahlberg agus Will Ferrell cuairt ar an gairdín beorach Toners. Cad a déarfá leis sin? 

An chéad cheann eile The Living Room. Is é seo ceann de na gairdíní beorach is mó a bhfuil meas orthu i mBaile Átha Cliath. Tá sé clúiteach sa chathair as a chuid teilifíseáin scáileáin mhóir. Nuair a bhíonn imeacht mór spóirt ar siúl , bíonn an-tarraingt ag an áit ar dhaoine. Is gairdín beorach iontach é seo chun féachaint ar chluichí le do chairde. 

Más mian leat rud éigin níos mó a mhaisiúil seiceáil Robertas in Barra an Teampaill. Tá roghchlár den scoth manglaim acu. Tá Taquery Gin ar fáil acu. Chomh maith leis sin, tá an dearadh taobh amuigh úr agus comhaimseartha. 

Is áit den scoth é Gibney’s i Mullach Íde. Is áit iontach é chun cuairt a thabhairt air tar éis siúl sa sráidbhaile cois farraige. Taispeánann siad gach cluiche tábhachtach agus nuair bíonn cluiche ar siúl tá atmaisféar iontach ann. 

Is áit iontach é an Bernard Shaw i mBaile Phib. Tá an clós ithe cáiliúl, Eat Yard díreach in aice le an Bernard Shaw. Is é an áit is fearr i mBaile Átha Cliath le haghaidh deoch agus bia.Go minic tá áit lán le mic léinn agus bíonn atmaisféar corraitheach ann. 

Tá go leor tithe tábhairne maithe i Margadh na Feirme, ach tá is é an gairdín beorach i Delaney’s ceann de na cinn is fearr. Tá fuílleach spáis le haghaidh custaiméirí ann. 

Áit den scoth is é Wigwam. Suite ar Sráid na Mainistreach tá ardán ar an díon agus tá na radhairc thar na cathrach iontach ar fad. Tá an roghclár rum is fearr acu freisin. Bhain sé sin an barr dá bhfaca mé riamh!

Gan dearmad a dhéanamh ar Kimichi Hop House. Suite ar Sráid Parnell tá an áit seo dochreidte. Tá sé leath bialann Cóiré agus leath teach tábhairne atá ann. Tá an gairdín beorach ann lan le graifítí. Déan cinnte go n-ordaíonn tú rud éigin óna roghchlár nuair a tá tú ann. 

Sin agaibh é, a chairde! Liosta de chuid de na gairdíní beorach is fearr sa príomhchathair. Táim ag súil go mór leis na hoícheanta teo sa samhraidh sin. 

Beth Molloy