Rudaí le haghaidh an deireadh seachtaine

Antigua's Hawksbill Bay is named after the distinctive rock whose shape resembles the head of a hawksbill turtle. The picture shows an evening view of the rock from Eden Beach, one of several beaches around Hawksbill Bay in the Five Islands area of Antigua. One of the few official clothing optional beaches in the Caribbean, Eden Beach is sometimes referred to as the Fourth Beach of the nearby Rex Resorts Hawksbill hotel.

Tá sé an-deacair am saor a fháil ag deireadh na seachtaine ach is rud riachtanach é, níl sé sláintiúil fánacht sa bhaile ag déanamh obair bhaile gach uile nóiméad den lae. I mo thuairim féin, bíonn sé doiligh rudaí a dhéanamh atá saor in aisce! Tá cúpla moltaí agamsa chun rud iontach a dhéanamh ag an deireadh seachtaine. 

  • Maratón léitheoireachta: Fan nóiméad! Éist leis an méid atá le rá agam, tá sé seo an taitneamhach. Tá an eachtra seo fíor teolaí domsa agus is misneach giúmar é freisin, is rud an- millteanach é agus tá sé gleoite nuair a bhíonn sé ag clascairt báistí, tá cupán tae bunriachtanach! I láthair na huaire tá mé ag léamh ‘Pride and Prejudice’, tá ‘Jane Eyre’ ar mo liosta, is aoibhinn liom na leabhair clasaiceach. Is saoithín mé sa réimse seo agus níl mé náirithe faoi. 
  • Is féidir leat glanadh suas: Ceart go leor tá sé seo rud aisteach agus leadránach ach ní bhíonn tú in ann clamhsán a dhéanamh ag deireadh an lae mar bheidh teach sciúrtha agat agus tá cúpla uaire torthúil agat i do thiachóg. Obair mhaslach é an ghlanadh ach bhíonn luach saothair agat sa tasc seo. Cuardach le haghaidh do lámhainní rubair agus na boscaí bruscair. 
  • Céard faoi am ag caitheamh dul ag snámh?: Má tá ballraíocht ionad aclaíochta agat tá sé seo easca ach tá go leor áiteanna chun é seo a dhéanamh saor in aisce. I cúpla seachtaine beidh an teocht ag ardú agus i mí na Bealtaine beidh sé am foirfe chun snámh faoin aer.  Beidh sé seo ar fheabhas le haghaidh do shláinte intinne agus do chorp, tá siad seo práinneach i do shaol agus caithfidh tú iad a chothú an t-am ar fad, gach lá sa bhliain. 
  • Siúlóid ar an trá?: Beidh an ghaoth an séideadh agus tá nimh sa ghaoth san aimsir seo ach tá sé seo thar a bheith pléisiúrtha, beidh meangadh gáire ar d’aghaidh agus do chuid gruaige ag guairneán gach uile soicind. Meallann an trá a lán turasóirí ach san oíche nó sa mhall tráthnóna ní bhíonn duine ná deoraí ar an trá. 

   Naoise Darby

Image Credit: BeachWikiMedia(RGB)