Rudaí a dhéanamh le linn ordú dianghlasála

Go bhfóire Dia orainn, tá an fírinne nua atá le feiceáil i gnach teach timpeall na tíre aisteach gan aon dabht. I rith cúpla lá bhí na hollscoil go léir dúnta agus bhí Temple Bar chomh ciúin le luch le linn ‘Lá Fhéile Pádraig’. Bhuail an víreas seo i gcéart mé nuair a chonaic mé na sráideanna timpeall an domhain tréigthe gan aon turasóir. Tá sé fíor brónach go bhfuil cuid mhór daoine ag fulaingt ach tá sé tábhachtach duit rud taitneamhach a dhéanamh le linn an am seo chun do mhisneach a choinneáil. 

Féach ar scannán, ach rud dearfach le do thoil! D’fhéach mé ar an scannán ‘Contagion’ cúpla lá a shin agus bhí sé meancóg! Ach tá an scannán ‘Sense and Sensibility’ iontach ar fad. Is féidir leat d’imní a fhágáil i leataobh ar feadh cúpla uaire agus éalú go dtí an tuath, níl aon strus sa scannán seo, tá sé gleoite agus lán le dóchas. 

Éist le machnamh, tá sé an-úsáideach. Is breá liom an seinnliosta ar ‘Spotify’ ó Mark Williams. Tá roinnt roghanna agat i gcás fad na bpíosaí, tá ceann amháin deich nóiméad ach tá cúpla píosaí níos fada má tá siad siúd níos oiriúnach duit. Tá ceol iontach freisin, tá seans agat stíl difriúil a éisteacht le le linn an am seo, tar éis d’obair bhaile chun é a thógáil go bog. 

Céard faoi puzal? Tá an comhairle seo ó Kylie Jenner, is dócha go bhfuil rud éigin úsáideach san áiléar. Is féidir leat cóisir beag a dhéanamh le na daoine atá i do chlann chun dearfacht a chruthú. 

Úsáid ‘Snapchat’ agus ‘Netflix Party’ chun caint le do chuid cairde. Tá an am seo uaigneach le haghaidh gach aois grúpa ach is féidir an ualach a laghdú. Tá an teicneolaíocht againn anois chun an caidreamh iontach a choinneáil suas. 

Tá gach duine in ann rudaí sa bhaile a dhíghalrú, tá sé seo riachtanach. Is féidir leat cabhrú sa bhaile sa bhealach seo, tá an víreas in ann fánacht ar dhromchlaí, tá an glantachán earraigh an-áisiúil ag an am seo. 

Tá sé an deacair nuair a bhíonn gach rud a bhí tú ag smaoineamh faoi agus ag pleanáil thuas san aer.  Ach níl rogha againn mar tír nó mar daoine óige, is féidir linn rud iontach a dhéanamh as an rud millteanach seo. 

Ní bheadh gach lá taitneamhach le linn an ordú dianghlasála ach tá solas ag deireadh an tollán seo!

Tabhair aire duit féin!

Naoise Darby 

Image Credit: PuzzleWikimedia(RGB)